Nuacht

Loan 365 (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

05 Lúnasa 2025 Warning Notice

Rabhadh:Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta NeamhúdaraitheLoan 365 (Clón)
Suíomh gréasáinN/B
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear[email protected]
Uimhir/uimhreacha g(h)utháin a úsáidtear
  • + 353 83 834 5751
  • +353 1 263 0969
  • +353 83 373 4616 
Údarú in ÉirinnNíl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis Bhreise

Is sampla é an chamscéim seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit a n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.

Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, Stalwart Investments Limited, atá ann, le hainm oibriúcháin Loans 365, chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas camscéime seo.
Tuilleadh faisnéise 

Tá an t-eintiteas camscéime ceangailte le heintitis chalaoiseacha eile a bhfuil camscéimeanna calaoise réamhtháille á ndéanamh acu faoi na hainmneacha seo a leanas:

  • Moore Money Lenders
  • Euro Money Finance
  • Society Money Group
  • MLM Group Loans (Clón)
  • Lending Loans
  • Conlon Finance Group

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.