Nuacht

Pimco Asset Management DAC (Clone) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

11 Aibreán 2024 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Infheistíochta/Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Pimco Asset Management DAC
Suíomhanna gréasáin www.pimcoprivatewealth.com
www.pimcoglobaladvisors.com
www.pimcoprivateclients.com
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
[email protected]
[email protected]
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear    +353 1 270 9646   
   +353 1 270 9647
   +353 1 270 9649 
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Tá clónáil déanta ag an ngnólacht seo ar shonraí gnólachta (ainm (nó cuid den ainm), cláruimhir agus seoladh) atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, Pimco Global Advisors (Ireland) Limited, é chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus na heintitis chalaoiseacha.
Ar na táirgí a thairgeann an t-eintiteas calaoiseach, áirítear na cinn seo a leanas:
·         Taiscí Téarma
·         Bannaí Margaidh Thánaistigh

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.