Nuacht

Bonn Profa Airgid €15 in ómós do Phil Lynott seolta ag an Uachtarán Michael D. Higgins.

26 Samhain 2019 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Comórtar 70 bliain ó rugadh an rac-cheoltóir cáiliúil Phil Lynott le bonn Profa Airgid €15
  • Bonn seolta ag an Uachtarán Michael D. Higgins in St. Kevin’s College, Cromghlinn, an scoil ar ar fhreastail Phil Lynott.
  • Teorainn eisiúna de 3,000 bonn. Ar fáil don phobal ón lá amárach ag 10am ar €64.99 ar www.collectorcoins.ie, teorainn 3 bhonn ar gach idirbheart

Tá bonn comórtha airgid €15 eisithe ag Banc Ceannais na hÉireann chun comóradh a dhéanamh ar 70 bliain ó rugadh an rac-cheoltóir cáiliúil Éireannach Phil Lynott. Ba é an tUachtarán Michael D. Higgins a sheol an bonn go hoifigiúil in St. Kevin’s College, Cromhghlinn, an scoil ar ar fhreastail Phil Lynott féin.

Rugadh Phil Lynott sa Lar-Réigiún Thiar i Sasana, ach tógadh i mBaile Átha Cliath é. Tár éis do bheith ina phríomhcheoltóir le roinnt bannaí ceoil, bhunaigh sé Thin Lizzy in 1970. Bhain an banna clú amach den chéad uair leis an amhrán ‘Whiskey in the Jar’ agus bhí an-ráchairt ar amhráin eile dá gcuid ina dhiaidh sin i lár na 70idí amhail ‘The Boys Are Back in Town’, ‘Jailbreak’ agus ‘Waiting for an Alibi’. Bhí rath ar Lynott freisin mar cheoltóir aonair agus d’eisigh sé dhá albam ina raibh na hamhráin mhóra ‘Dear Miss Lonelyhearts’, ‘King’s Call’ agus ‘Old Town’. San fhíseán ceoil cáiliúil do ‘Old Town’, léiríodh Phil Lynott agus é ag siúl trí shráideanna Bhaile Átha Cliath.

Rinneadh an bonn a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925 agus ba í an t-ealaíontóir moneolaíochta, Sandra Deiana, a dhear é. Ar an mbonn seo, tá íomhá de Phil Lynott agus staidiúir curtha air lena dhordghiotár agus fuaimthonnta ag teacht as. Taobh thiar den phríomhíomhá, tá léiriú grafach de cheirnín vinile. D’éag Phil Lynott in 1986 ag aois 36 ach maireann a cheol agus a chlú i gcónaí agus tá sé fós ina inspioráid do lucht ceoil ar fud an domhain.

Is é seo an dara bonn airgid atá eisithe i sraith trí bhonn ar a dtugtar ‘Ceoltóirí Éireannacha na Linne seo.’ Sheol an tUachtarán Higgins bonn comórtha in ómós do Rory Gallagher i Meán Fómhair 2018 agus eiseofar bonn eile an bhliain seo chugainn chun comóradh a dhéanamh ar Luke Kelly.

Tacaíonn an tUachtarán leis an gcruthaitheacht agus leis an tsamhlaíocht toisc go gcreideann sé gur lárchuid dár bhféiniúlacht chultúrtha iad na healaíona agus an ceol agus go spreagann siad tuairimí i leith brí na beatha. Tagraíonn an tUachtarán go minic don tábhacht a bhaineann le “ceol an chroí” agus leis an lúcháir atá tugtha ag ceoltóirí dúinn trí mheán a gcuid ceoil.

Deir an Leas-Ghobharnóir, Sharon Donnery, a tógadh i gCromghlinn, an méid seo a leanas:

“Is údar mór bróid don Bhanc Ceannais é an bonn galánta seo a eisiúint chun comóradh a dhéanamh ar an gceoltóir clúiteach seo. Tá áthas orainn é a sheoladh anseo i gCromghlinn. Tógadh Phil Lynott ar bhóthar Leithghlinne agus d’fhreastail sé ar St Kevin’s College.

“Tá bonn eisithe ag an mBanc chun comóradh a dhéanamh ar Phil Lynott mar gheall ar a stádas mórchlú, an tionchar a bhí aige ar cheol Éireannach na linne seo agus mar gheall ar an éileamh leanúnach atá ar a chuid ceoil.”

Eiseofar 3,000 bonn agus beidh siad ar díol ón gCéadaoin an 27 Samhain 2019 ag 10am ar €64.99 ar www.collectorcoins.ie. Tá teorainn 3 bhonn ar gach idirbheart.

Nótaí

Is boinn inbhailithe iad boinn phrofa; ní chuirtear i gcúrsaíocht iad. Déantar iad a bhualadh ag baint úsáid as díslí agus crotáin snasta speisialta, rud a thugann bailchríoch scátháin dóibh. Déantar na boinn seo a bhualadh faoi dhó ar a laghad le linn an phróisis buailte. Déantar iad a láimhseáil go leithleach agus a stóráil go cosantach chun teimheal a sheachaint. Tá sé seo i gcodarsnacht leis na boinn a chuirtear i gcúrsaíocht, toisc nach ndéantar iad a bhualadh ach an t-aon uair amháin le linn an phróisis buailte agus go láimhseáiltear ar an mórchóir iad. Bíonn cuma mhionsaothraithe, snasta ar bhoinn phrofa agus is dá bhrí sin go mbíonn éileamh ag bailitheoirí orthu.