Nuacht

Comhleachtaitheoirí ceaptha chuig Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche

17 Iúil 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Gníomh glactha ar mhaithe le leas na gcomhaltaí agus an phobail i gcoitinne
  • Tuarascáil Réitigh Iomlán agus Mionscríbhinn eisithe
  • Tá íocaíochtaí déanta ag an Scéim Ráthaíochta Taiscí le taisceoirí incháilithe
  • Níl aon bhaint ag an ngníomh seo le cúinsí eisceachtúla COVID-19

 

Tar éis do Bhanc Ceannais na hÉireann (“an Banc Ceannais”) iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte, cheap an Ard-Chúirt inniu Stephen Tennant agus Nicholas O’Dwyer ó Grant Thornton mar Chomhleachtaitheoirí chuig Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach agus Dúiche (”Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach”). Ceapadh Stephen Tennant agus Nicholas O’Dwyer mar Leachtaitheoirí Sealadacha roimhe seo ar an 2 Iúil 2020.

Chinn an Banc Ceannais úsáid a bhaint as a chumhacht dhlíthiúil chun iarratas a dhéanamh chun Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach a fhoirceannadh tar éis dó aird chuí a thabhairt ar na himthosca a mhionsonraítear sa Tuarascáil Réitigh agus sa Mhionscríbhinn pháirtfholaithe ó Wesley Murphy, an Ceannasaí ar an Rannán Réitigh agus Bainistíochta Géarchéime, doiciméid atá foilsithe inniu i bhfoirm pháirtfholaithe. Sna doiciméid sin, cuimsítear faisnéis maidir le staid airgeadais anásta Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach. Tá an gníomh seo glactha ag an mBanc Ceannais chun coigiltis na gcomhaltaí a chosaint agus chun cliseadh mí-ordúil an chomhair creidmheasa a sheachaint.

Agus a mheasúnú á chur faoi bhráid na hArd-Chúirte, chuir an Banc Ceannais in iúl gur mheas sé nach raibh aon roghanna féideartha eile ar fáil do Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach chun a chúlchistí a chothabháil ag na leibhéil a cheanglaítear le dlí. Bhí dlúth-theagmháil ag an mBanc Ceannais le Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach le blianta beaga anuas chun a chinntiú go raibh sé ag dul i ngleic leis na fadhbanna inmharthanachta airgeadais a bhain dó. Ba é dearcadh an Bhainc Ceannais gur tugadh deis do Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach dul i ngleic leis na saincheisteanna ach nach ndeacthas i ngleic leo go sásúil dar leis an mBanc Ceannais.

Ó ceapadh na leachtaitheoirí sealadacha, tá íocaíochtaí cúitimh déanta ag an Scéim Ráthaíochta Taiscí (an “SRT”), atá á riaradh ag an mBac Ceannais, le tuairim is 4,600 comhalta de chuid Chomhar Creidmheasa Dhroim Conrach. Is ionann méid iomlán an chúitimh atá íoctha go dtí seo agus €12.9 milliún, is é sin 95% de na taiscí incháilithe atá clúdaithe faoin Scéim. Eisíodh na híocaíochtaí seo chuig comhaltaí ón SRT ar an 10 Iúil 2020. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an SRT ar www.depositguarantee.ie/ga.

I gcomhréir lenár sainordú reachtúil, féachann an Banc Ceannais lena chinntiú go bhfuil earnáil na gcomhar creidmheasa cobhsaí ó thaobh airgeadais de agus go mbíonn sí ag feidhmiú ar mhodh trédhearcach cóir agus go mbíonn cistí a comhaltaí á gcosaint aici. Ní bheidh aon tionchar ag ceapachán na gcomhleachtaitheoirí chuig Comhar Creidmheasa Dhroim Conrach ar choigiltis comhaltaí in aon chomhar creidmheasa eile.

Tuigeann an Banc Ceannais go bhfuil éileamh ar sheirbhísí comhair creidmheasa sa cheantar áitiúil agus déanfaidh sé a dhícheall a chinntiú go mbeidh seirbhísí comhair creidmheasa ar fáil don phobal sa cheantar áitiúil.

Tuilleadh Eolais