Nuacht

Meastar go mbeidh maolú de réir a chéile ar fhás eacnamaíoch in 2020 agus 2021 - an Banc Ceannais

12 Feabhra 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • I 2019, lean an dlús láidir faoin bhfás eacnamaíoch ar gheilleagar na hÉireann
  • Meastar go maolóidh an fás eacnamaíoch in 2020 - 4.8% measta don OTI, anuas ó 6.1% in 2019.
  • Fiú má chomhaontaítear socrú trádála AE - RA, meastar go maolóidh an fás tuilleadh in 2021 go dtí 4.2%

Tá an chéad Fhaisnéis Ráithiúil do 2020 foilsithe ag an mBanc Ceannais inniu. San Fhaisnéis Ráithiúil seo, scrúdaítear na treochtaí atá feicthe le déanaí sa gheilleagar intíre agus cuirtear réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann i láthair, mar aon lena thuairimí ar shaincheisteanna beartais eacnamaíoch intíre.

Tugann na sonraí is déanaí le tuiscint gur tháinig fás láidir ar gheilleagar na hÉireann in 2019. Bhí méaduithe leanúnacha ar fhostaíocht agus ar ioncaim ag tacú le fás leantach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch intíre agus tháinig fás láidir ar chaiteachas tomhaltais agus ar thógáil agus ar fhoirgníocht.

D'ainneoin na timpeallachta laige seachtraí, chonacthas fás an-láidir ar onnmhairí anuraidh, ach bhí an fás sin dírithe ar líon beag earnálacha - cógaisíocht agus ceimiceáin, próiseálaithe ríomhaire agus seirbhísí ríomhairí. Lasmuigh de na hearnálacha sin, áfach, bhí an fás ar aicmí onnmhairí eile níos measartha agus bhí sé ag teacht le leibhéal maolaithe na trádála idirnáisiúnta agus le héileamh níos laige i bpríomhpháirtithe trádála na hÉireann.

Léiríonn an réamhaisnéis lárnach maolú de réir a chéile ar luas an fháis ar gheilleagar na hÉireann. Tar éis fás 6.1% in 2019, meastar go mbeidh fás 4.8% ar an OTI i mbliana agus 4.2% an bhliain seo chugainn. Meastar go maolóidh an fás ar an mbunéileamh intíre ó 4% in 2019 go dtí 3.75% in 2020 agus go dtí 3% in 2021.

I bhfianaise an mhaolaithe atá feicthe le bliain anuas, meastar go moilleoidh an fás ar fhostaíocht i gcomparáid leis an ráta láidir fáis a bhí ann roimhe seo, agus tá ionchas ann go mbeidh laghdú measartha ar an ráta dífhostaíochta freisin.  Ciallaíonn an maolú seo ar fhás fostaíochta go maolóidh an fás ar chaiteachas tomhaltóirí freisin ón ráta reatha atá os cionn 3%. 

Dúirt Mark Cassidy, an Stiúrthóir ar Eacnamaíocht agus Staidreamh:

“Tá an t-ionchas don fhás eacnamaíoch dearfach ar an iomlán. Cé go raibh fás láidir ar an ngeilleagar le blianta beaga anuas, is dócha go moilleoidh luas an leathnaithe sin. Tá ár gcuid réamhaisnéisí bunaithe ar an tuiscint go mbeidh comhaontú trádála AE-RA i bhfeidhm ó mhí Eanáir 2021, ach fiú amháin sa chás sin, feicfear moilliú de réir a chéile ar luas an fháis eacnamaíoch.

“Meastar go leanfaidh an fás ar fhostaíocht ach go mbeidh luas an fháis sin níos moille ná mar atá feicthe le blianta beaga anuas. Dá bhrí sin, beidh laghdú beag ar an ráta dífhostaíochta ó na leibhéil reatha. Tá ionchas ann go ndaingneoidh dálaí an mhargaidh saothair tuilleadh de réir mar a bheidh éifeachtaí constaicí acmhainne le brath i gcodanna den mhargadh saothair.

Is díol iontais é athléimneacht an fháis eacnamaíoch in Éirinn le blianta beaga anuas in ainneoin na gconstaicí suntasacha. Ag féachaint romhainn, is é príomhról an bheartais phoiblí taca a chur faoin gcobhsaíocht trí luaineacht fhéideartha a mhaolú agus trí athléimneacht an gheilleagar in aghaidh turraingí a fheabhsú.