Nuacht

Glúin an €uro - Duais na nDaltaí seolta ag an nGobharnóir Makhlouf

03 Deireadh Fómhair 2019 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Is féidir le daltaí Éireannacha sa 4ú agus 5ú bliain dul san iomaíocht chun seans a fháil bualadh le hUachtarán nuacheaptha an BCE, Christine Lagarde, i Frankfurt.
  • Iarrtar ar eacnamaithe óga aithris a dhéanamh ar chúram an BCE trí chinntí rátaí úis a thuar
  • An chéad bhabhta ar oscailt d’iontrálacha go dtí an 1 Nollaig

Beidh seans ag eacnamaithe, éirimiúla óga na hÉireann bualadh le hUachtarán nuacheaptha an BCE, Christine Lagarde, i Frankfurt, trí cheann de chúraimí an BCE a ghlacadh chucu féin sa chomórtas Glúin an €uro-Duais na nDaltaí, comórtas scoileanna a sheol Banc Ceannais na hÉireann inniu.

Is é seo an seachtú bliain den chomórtas ina n-iarrtar ar dhaltaí san idirbhliain agus sa chúigiú bliain ról Chomhairle Rialaithe an BCE a ghlacadh chucu féin agus rátaí oiriúnacha úis a chinneadh don limistéar euro.

Ag labhairt dó ag an seoladh i gColáiste Mhuire, Dún Dealgan, dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “Tá áthas ar an mBanc Ceannais aitheantas a thabhairt d’eacnamaithe óga le Glúin an €uro-Duais na nDaltaí. Sa chomórtas seo, tugtar deis dúinn barr feabhais na chéad ghlúine eile d’eacnamaithe óga a aithint.

“Chomh maith leis sin, tugtar deis do dhaltaí scileanna saoil a neartú, fad a thugtar dúshlán dóibh tuilleadh a fháil amach faoin obair a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach, an tEurochóras agus Banc Ceannais na hÉireann - institiúidí a chuireann le cinntí beartais airgeadaíochta agus cobhsaíocht praghsanna agus a mbíonn tionchar acu ar ár saolta.” Beidh idir triúr agus cúigear daltaí ar gach foireann agus ainmneofar múinteoir amháin a bheidh mar mheantóir dóibh.

Déantar na rannpháirtithe a scrúdú thar thrí bhabhta éagsúla. Seoladh an chéad bhabhta den chomórtas inniu, is é sin tráth na gceist ar líne maidir le ról an BCE agus an Eurochórais.

Na foirne sin a n-éireoidh leo, rachaidh siad ar aghaidh chuig an dara babhta. Iarrfar orthu ansin anailís a dhéanamh ar dhálaí eacnamaíocha agus ráta úis atá iomchuí dar leo a chinneadh don limistéar euro. Roghnófar foirne buaiteacha ón mbabhta sin chun freastal ar an mBabhta Ceannais Náisiúnta in 2020, áit a gcuirfidh siad a gcuid torthaí i láthair do phainéal eacnamaithe sinsearacha sa Bhanc Ceannais. 

Ansin, rachaidh an fhoireann bhuaiteach agus a múinteoir chuig an BCE i Frankfurt chun freastal ar shearmanas bronnta, áit a mbualfaidh siad le hUachtarán nuacheaptha an BCE, Christine Lagarde, agus leis na foirne buaiteacha ó thíortha eile na hEorpa.

Chun clárú don chomórtas, ba cheart do na foirne cuairt a thabhairt ar www.generationeuro.ie.  Is é an 1 Nollaig 2019 an dáta deiridh chun clárú agus chun an chéad bhabhta (tráth na gceist ar líne) a chríochnú.