Nuacht

‘Ní mór do na hiasachtóirí míniú soiléir a thabhairt don chustaiméir ar an gcaoi a n-oibríonn sos ó íocaíochtaí agus a chinntiú go sásaítear go hiomlán gach dualgas maidir le cosaint tomhaltóirí’ – Derville Rowland, Ard-Stiúrthóir

05 Meitheamh 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Tá dlúthchaidreamh ar bun ag an mBanc Ceannais le lucht tionscail maidir le sosanna ó íocaíochtaí – trína dtugtar faoiseamh bunriachtanach do theaghlaigh agus d’iasachtaithe.
  • D'fhéadfadh go mbeadh deacracht go fóill ag iasachtaithe áirithe nuair a thiocfaidh deireadh leis an sos ó íocaíochtaí.  Ina leithéid sin de chás, tá an Banc Ceannais ag súil go gcinnteoidh na hiasachtóirí go mbeidh roghanna cuí, staonadh san áireamh, ar fáil.
  • D’ainneoin ghéarchéim Covid, leanfaidh an Banc Ceannais de chuntas a iarraidh ar ghnólachtaí rialáite agus ar na daoine atá ina mbun.

Ag labhairt di ag ócáid ar líne de chuid ACOI, phléigh Derville Rowland, an tArd-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais, na bearta atá déanta ag an mBanc Ceannais le roinnt míonna anuas mar fhreagairt ar ghéarchéim leanúnach Covid, le béim faoi leith ar bhearta cosanta do thomhaltóirí agus d’infheisteoirí.

Luaigh sí go bhfuil an Banc Ceannais ag díriú i gcónaí ar leas mhuintir na hÉireann go hiomlán a chur chun cinn. “Féachann bearta uile an Bhainc Ceannais lena chinntiú go mbeidh an córas airgeadais in ann an buille a sheasamh, gur fearr is féidir cuidiú le teaghlaigh agus le gnólachtaí an ghéarchéim a sheasamh, agus go gcosnaítear tomhaltóirí agus infheisteoirí faoi mar a leagtar de chúram orainn. Tá cobhsaíocht an chórais, agus athléimneacht na ngnólachtaí taobh istigh den chóras sin, riachtanach chun tomhaltóirí agus infheisteoirí a chosaint, faoi mar atá na cóid reachtúla iompair, maoirseacht threallúsach agus cumhachtaí láidre forfheidhmiúcháin. Tá cosaint tomhaltóirí agus infheisteoirí ina dlúthchuid de réimsí uile ár gcuid oibre,” a dúirt sí.

I ndáil le sosanna ó íocaíochtaí, dúirt sí: “Tá sé curtha in iúl againn do lucht tionscail go bhfuilimid ag súil go mbeidh an rogha ag an gcustaiméir, ag deireadh an tsosa chomhaontaithe ó íocaíochtaí, an iasacht a aisíoc laistigh den téarma reatha nó téarma na hiasachta a fhadú faoi fhad an tsosa ó íocaíochtaí.  Ba cheart rogha mar sin a bheith ar fáil maidir le gach cineál iasachta, morgáistí san áireamh, agus ba cheart an toradh a bheadh ag an dá rogha sin ar an gcostas creidmheasa iomlán agus ar na haisíocaíochtaí míosúla a mhíniú go soiléir  don chustaiméir.  Chomh maith leis sin, ba cheart go ligfí don chustaiméir aisíocaíochtaí laghdaithe a dhéanamh más mian leo é sin a dhéanamh i rith an tsosa ó íocaíochtaí.”

D'fhéadfadh go mbeadh deacracht go fóill ag iasachtaithe áirithe nuair a bheidh deireadh leis an sos ó íocaíochtaí.  Ina leithéid sin de chás, tá an Banc Ceannais ag súil go gcinnteoidh na hiasachtóirí go mbeidh roghanna cuí, staonadh san áireamh, ar fáil.

Lean sí uirthi: “Táthar ag súil go ndéanfaidh na hiasachtóirí teagmháil le hiasachtaithe i bhfad sula mbeidh deireadh leis an sos ó íocaíochtaí d'fhonn cuidiú le  custaiméirí agus beidh feidhm ag na creataí reatha ar an ngnáthchaoi chun plé le cásanna riaráistí, an Cód Iompair reachtúil maidir le Riaráistí Morgáiste san áireamh.  Tá na creataí sin ceaptha iasachtaithe a chosaint, go háirithe nuair a bhíonn deacrachtaí airgid acu mar gheall ar bhreoiteacht nó cailliúint ioncaim.  Éilítear ar na hiasachtóirí teagmháil a dhéanamh ar mhodh báúil dearfach leis an gcustaiméir d’fhonn cuidiú leis an gcustaiméir i rith na tréimhse crua seo. Tá maoirseacht threallúsach á déanamh againn ar an bpróiseas sin chun a chinntiú go bhfuiltear ag freastail ar ár gcuid ionchas,” ar sí.  

Thagair sí, mar fhocal scoir, do chur chuige an Bhainc Ceannais maidir le cúrsaí forfheidhmiúcháin - “Cé gur cinnte go raibh athrú béime i gceist de bharr Covid, leanfaimid orainn de chuntas a iarraidh ar ghnólachtaí rialáilte agus ar na daoine atá ina mbun i gcás ina mbeidh sáruithe tromchúiseacha nó suntasacha ar cheanglais agus ar chaighdeáin rialála.  Ní fhágfaidh an ghéarchéim go mbeidh gnólachtaí rialáilte in ann faillí a dhéanamh ina gcuid oibleagáidí maidir le tomhaltóirí agus infheisteoirí a chosaint.”