Nuacht

Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta do 2018 foilsithe ag an mBanc Ceannais

29 Bealtaine 2019 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Leis an Tuarascáil Bhliantúil agus leis an Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta, léirítear scála agus éagsúlacht na hoibre a rinne an Banc Ceannais an bhliain seo caite.

I bhfianaise na héiginnteachta maidir le rioscaí áirithe, idir rioscaí intíre agus rioscaí idirnáisiúnta, ba cheart dúinn cur chuige stuama a ghlacadh agus athléimneacht a thógáil sa chóras airgeadais.

Tuairiscíodh brabús airgeadais €2.98 billiún do 2018. Íocfar ioncam barrachais €2.38 billiún leis an Státchiste.

D'fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann a Thuarascáil Bhliantúil agus a Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta do 2018. Tugtar forbhreathnú sna tuarascálacha ar phríomhghníomhaíochtaí agus obair an Bhainc Ceannais, a oibríonn chun leasa an phobail trí chobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais a choimirciú agus trína áirithiú go bhfuil an córas airgeadais ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí agus leas an gheilleagair níos leithne.

Agus é ag labhairt ag an seoladh, dúirt an Gobharnóir Philip R. Lane “Is cuid lárnach dár gcuid oibre é a chinntiú go bhfuil an córas airgeadais athléimneach agus go bhfuil sé in ann turraingí diúltacha a sheasamh. Chun cabhrú le hathléimneacht a bhunú, leanamar d’fhorbairt a dhéanamh ar ár gcuid uirlisí macrastuamachta. I rith na bliana seo caite, rinneamar athbhreithniú ar ár mbearta morgáiste, agus choimeádamar na bearta sin ar bun, chun feabhas a chur ar athléimneacht iasachtóirí agus iasachtaithe agus chun maolú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le bíseanna praghsanna comhlachtaí creidmheasa. Ina theannta sin, rinneamar an cúlchiste fritimthriallach (CCyB) a ghníomhachtú, agus é mar chuspóir aige sin go gcumasóidh caipiteal breise do bhainc a bheith ullmhaithe i gcás ina dtarlaíonn cor chun donais.

Tá an chumhacht iarrtha againn freisin ón Aire Airgeadais an Cúlchiste Riosca Shistéamaigh a ghníomhachtú. Leis an gcúlchiste sin, áiritheofaí go mbeadh an córas baincéireachta athléimneach i gcás turraing struchtúrtha do gheilleagar na hÉireann.”

Agus athléimneacht á háirithiú aige, tharraing sé aird freisin ar an tábhacht a bhaineann le dul i ngleic le stoc iomarcach na n-iasachtaí neamhthuillmheacha sa chóras baincéireachta, i bhfianaise na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bhaineann leis na hiasachtaí sin i gcás cor chun donais amach anseo. Ag an am céanna, chuir sé béim ar an gcaoi ar oibrigh an Banc Ceannais lena áirithiú go dtagann bainistíocht na n-iasachtaí neamhthuillmheacha thar ceann banc agus neamhbhanc lena shainordú um chosaint tomhaltóirí.

Sa bhreis air sin, rinneadh dul chun cinn suntasach in 2018 maidir leis an Imscrúdú ar Mhorgáistí Rianúcháin: léiríodh sa nuashonrú is déanaí gur íocadh €647 milliún ar ais le 39,800 custaiméir ar imríodh tionchar orthu, fad is atá cásanna forfheidhmiúcháin in aghaidh na sé phríomhiasachtóir fós ag dul ar aghaidh. Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Banc Ceannais measúnacht mhionsonraithe ar iompar agus ar chultúr bhainc mhiondíola na hÉireann agus leag sé amach tograí gaolmhara maidir le hathchóiriú chun feabhas a chur ar chuntasacht ar leithligh fheidhmeannaigh shinsearacha na mbanc.

Dúirt sé freisin “caitheadh cuid mhór dár gcuid ama agus acmhainní le bliain anuas ar Brexit, ó thaobh pleanáil téarnaimh, bainistíocht riosca agus údarúcháin gnólachtaí de. Leanfaimid orainn ag déanamh anailíse agus ag obair chun na rioscaí atá ann a mhaolú, ar rioscaí iad don gheilleagar, do thomhaltóirí, don chóras airgeadais agus don timpeallacht rialála. Leanfaimid orainn freisin ag obair lena chinntiú go bhfuil pleananna teagmhasacha láidre ag gnólachtaí seirbhíse airgeadais chun déileáil le héifeachtaí féideartha Brexit.

D’fhógair sé go raibh brabús airgeadais €2.98 billiún ann do 2018. Dúirt sé: “Tar éis tuilleamh coimeádta, íocfar ioncam barrachais arb ionann é agus tuairim is €2.38 billiún leis an Státchiste. Cé go raibh leibhéil ardaithe ioncaim barrachais ann le blianta beaga anuas, ciallaíonn tionchar sealadach cuntasaíochta phunann speisialta na Nótaí Rátaí Comhlúthacha go ndéanfar normalú ar bhrabúis cheannlíne sa mheántéarma.”