Nuacht
Bonn comórtha €2 seolta ag an mBanc Ceannais chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cheiliúradh
07 Iúil 2026
Preas Ráiteas

Tá bonn comórtha nua €2 seolta ag an mBanc Ceannais inniu (Dé Luain an 6 Iúil) chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cheiliúradh.
Ba iad an Gobharnóir Gabriel Makhlouf agus an Tánaiste agus an tAire Airgeadais, Simon Harris, a sheol an bonn go hoifigiúil ag ócáid sa Bhanc Ceannais inniu.
Déanfaidh an Banc Ceannais 500,000 ceann den bhonn speisialta €2 seo a bhualadh agus cuirfear i gcúrsaíocht ón lá amárach iad (Dé Máirt an 7 Iúil). Beidh an bonn seo ar fáil ag daoine ar fud na hÉireann, agus go deimhin ar fud na hEorpa, sna seachtainí atá romhainn.
Beidh sé ar áireamh freisin i bhfoireann phrofa a bheidh ar díol ó lár mhí Iúil ar collectorcoins.ie.
Ar dhearadh an bhoinn, taispeántar lógó oifigiúil na hUachtaránachta lena léirítear fás, spleodar agus gluaiseacht. Ar gach géag den bhís, léirítear 27 ndiosca a sheasann do na 27 mBallstát den AE, rud a fhágann spás bán sa lár lena gcruthaítear réalta 5-phointe, siombail ó bhratach AE.
Dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf an méid seo a leanas: “Tá an-áthas ar an mBanc Ceannais an bonn comórtha seo a sheoladh chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cheiliúradh. Is tráth suntasach é seo d’Éirinn agus muid ag glacadh leis an bpribhléid agus leis an bhfreagracht a bhaineann leis an Uachtaránacht a óstáil le linn tréimhse ríthábhachtach don Eoraip. Cuireann dearadh an bhoinn spiorad an chomhair Eorpaigh in iúl agus is siombail é d’Uachtaránacht na hÉireann. Molaim do gach duine súil a choinneáil amach don bhonn speisialta seo toisc go mbeidh 500,000 ceann díobh á gcur i gcúrsaíocht ón lá amárach.”
Arsa an Tánaiste agus Aire Airgeadais, Simon Harris TD: “Agus sinn ag dul i mbun Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh don ochtú huair, déantar ceiliúradh ar chloch mhíle an mhórtais náisiúnta leis an mbonn comórtha seo sa mhéid go dtugtar aitheantas do ról na hÉireann maidir leis an gcomhar, an dul chun cinn agus maidir leis an gcomhpháirtíocht Eorpach a chur chun cinn. Is cuí go léiríonn an bonn seo an méid atá déanta ag an tír seo, agus an méid a dhéanfaidh sí amach anseo, chun cur le rathúnas comhroinnte na hEorpa.”
Arsa an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Helen McEntee TD: “Fáiltím roimh sheoladh an bhoinn chomórtha seo in ómós don ochtú huair a bheidh Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ag Éirinn. Sna sé mhí atá romhainn, déanfaimid stiúradh ar obair na Comhairle agus cuirfimid clár oibre uaillmhianach chun cinn lena bhfreastalófar ar shaoránaigh, ar ghnóthaí agus ar phobail ar fud na hEorpa. Is ionann an téama ‘Ní neart go cur le chéile’ agus an treochlár atá againn.”
CRÍOCH
Tuilleadh Faisnéise
Martin Grant / 086 078 7868 / martin.grant@centralbank.ie
Caidreamh leis na Meáin: media@centralbank.ie
Nótaí d'eagarthóirí
Gach bliain, eisíonn an Banc Ceannais táirgí boinn thar ceann an Aire Airgeadais. Cuireann an Grúpa Comhairleach um Boinn Inbhailithe comhairle ar an mBanc maidir le téamaí bonn. Cuireann an Banc Ceannais fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal maidir le téamaí.
Is boinn inbhailithe iad boinn phrofa; ní chuirtear i gcúrsaíocht iad. Déantar iad a bhualadh ag baint úsáid as díslí agus crotáin snasta speisialta, rud a thugann bailchríoch scátháin dóibh. Déantar na boinn seo a bhualadh faoi dhó ar a laghad le linn an phróisis buailte. Déantar iad a láimhseáil go leithleach agus a stóráil go cosantach chun teimheal a sheachaint. Tá sé seo i gcodarsnacht leis na boinn a chuirtear i gcúrsaíocht, toisc nach ndéantar iad a bhualadh ach an t-aon uair amháin le linn an phróisis buailte agus go láimhseáiltear ar an mórchóir iad.