Nuacht

Fáilte curtha ag Banc Ceannais na hÉireann roimh fhógra maidir le rialacháin um rochtain ar airgead tirim

24 Samhain 2025 Preas Ráiteas

A number of glass floors

Tá fáilte curtha ag Banc Ceannais na hÉireann roimh fhógra an lae inniu ón Tánaiste agus Aire Airgeadais go dtiocfaidh rialacháin a bhaineann leis an Acht Airgeadais (Rochtain ar Bhonneagar Airgid Thirim a Sholáthar) i bhfeidhm an tseachtain seo.

De réir mar a éilítear faoin Acht, forordaíonn an tAire Airgeadais an céatadán den daonra nach mór a bheith lonnaithe laistigh d’achar sonraithe ó UMB agus ó phointe seirbhíse airgid agus leagtar síos an líon íosta UMBanna in aghaidh 100,000 duine i ngach aon réigiún NUTS1. Faoin Acht, beidh sé de fhreagracht ar institiúidí creidmheasa áirithe – dá dtagraítear mar eintitis ainmnithe – rochtain ar airgead tirim a choinneáil ag imeacht de réir leibhéil íosta. Forordaíonn an tAire na céatadáin scaireanna de chuntais reatha agus taiscí teaghlaigh a d’fhéadfadh a bheith ag institiúid chreidmheasa lena gcinnfear nó nach gcinnfear gur eintiteas ainmnithe iad. Chuaigh an tAire i gcomhairle leis an mBanc Ceannais sular forordaíodh na critéir.

Dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf: “I bhfianaise tírdhreach mearathraitheach íocaíochtaí, tá an Banc Ceannais meáite ar a chinntiú go mbeidh sé furasta teacht ar airgead tirim mar mhodh íocaíochta. Is céim shuntasach chun cinn atá sna rialacháin a fógraíodh inniu maidir lena chinntiú go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí ar airgead tirim i gcónaí agus i ndáil le hacmhainneacht an chórais airgid tirim a chosaint. Chomh maith leis sin, soláthrófar leis na rialacháin bainistíocht chothrom, eagraithe agus thrédhearcach ar bhonneagar airgid tirim na hÉireann de réir mar a thagann athrú i gcónaí ar roghanna íocaíochta.”

Leis an Acht, foráiltear do fhreagrachtaí nua don Bhanc Ceannais, lena n-áirítear faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcritéar maidir le rochtain ar airgead tirim atá sna rialacháin seo mar aon le maoirseacht a dhéanamh ar oibritheoirí UMBanna agus soláthróirí airgead faoi bhealach.

Leanfaidh an Banc Ceannais i mbun oibre le príomhpháirtithe leasmhara an timthrialla airgid de réir mar a dhírítear tuilleadh airde ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta nua. Áirítear le gnéithe barrthábhachtacha na hoibre seo: 

  1. Faireachán agus foilsiú maidir le rochtain ar airgead - déanfaidh an Banc Ceannais sonraí a bhailiú ar bhonn ráithiúil i dtaca le líon, láthair agus uaireanta infhaighteachta UMBanna agus pointí seirbhíse airgid tirim e.g. brainsí bainc mhiondíola agus oifigí poist. Chomh maith leis sin, úsáidfear na sonraí chun faisnéis a fhoilsiú ar bhonn ráithiúil ar láithreán gréasáin an Bhainc Cheannais. Táthar ag súil leis na sonraí seo maidir leis an mbonneagar airgid tirim a fhoilsiú ag tús na bliana seo chugainn. Déanfaidh an Banc Ceannais faireachán ar na sonraí seo agus déanfar measúnú ar chomhlíonadh an Achta mar aon le measúnú a dhéanamh ar mholtaí ó eintitis ainmnithe maidir le neamhchomhlíonadh a réiteach.
  1.  Caighdeáin seirbhíse – cuirfidh an Banc Ceannais tús le comhairliúchán roimh dheireadh na bliana maidir leis na rialacháin atá á moladh i leith caighdeáin seirbhíse íosta do UMBanna. Leagfar amach leis sin na ceanglais atá á moladh i dtaca le hoibritheoir UMB, lena n-áirítear na huaireanta a bheidh UMB ar fáil, teorainneacha maidir le hairgead a thógáil amach agus ainmníochtaí na nótaí bainc a bheidh ar fáil ó UMBanna. Beidh feidhm ag caighdeáin seirbhíse i ndiaidh chur i gcrích an chomhairliúcháin seo agus déanfaidh an Banc Ceannais rialacháin ábhartha ina dhiaidh sin.
  1. Easnaimh áitiúla – foráiltear leis an Acht d’easnaimh áitiúla a aithint agus a réiteach – i.e. i gcás ina dtiocfadh deacrachtaí faoi leith chun cinn maidir le hairgead a fháil i gceantair áirithe. Cuirfidh an Banc Ceannais tús le comhairliúchán roimh dheireadh na bliana maidir leis na treoirlínte atá á moladh faoi mar is féidir le daoine aonair agus gnólachtaí eolas a chur ar an mBanc Ceannais maidir le heasnamh áitiúil féideartha. Déanfaidh an Banc Ceannais treoirlínte maidir le heasnaimh áitiúla a fhoilsiú faoin 30 Meitheamh 2026, agus ina dhiaidh sin beidh sé de fhreagracht ar an mBanc Ceannais athbhreithniú a dhéanamh ar fhógraí ón bpobal nuair a chreideann siad nach bhfuil dóthain rochtana ar sheirbhísí airgid i gceantar áirithe. I ndiaidh anailís agus measúnú a chur i gcrích, déanfaidh an Banc Ceannais, nuair is cuí, na heintitis ainmnithe a chur ar an eolas maidir le heasnamh áitiúil agus ceanglófar orthu céimeanna a ghlacadh chun dul i ngleic leis an easnamh áitiúil.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le Rochtain ar Airgead Tirim a fháil ar láithreán gréasáin an Bhainc Ceannais.

Tuilleadh Eolais

[1] In Éirinn, sa sainmhíniú a thugtar ar NUTS 3, tagraítear d'ocht réigiún staidrimh. Is éard is "Ainmníocht d’Aonaid Chríche i ndáil le cúrsaí Staidrimh" (NUTS) ann ná córas de chuid an Aontais Eorpaigh ina leagtar amach aonaid chríche d’fhonn staidreamh maidir le réigiúin a chur i dtoll a chéile, agus is é NUTS 3 an leibhéal foroinnte is lú a úsáidtear chun críche diagnóiseacha faoi leith laistigh den AE.