Nuacht

Foláireamh tugtha ag Banc Ceannais na hÉireann do thomhaltóirí maidir leis an tírdhreach athraitheach calaoise

10 Samhain 2025 Preas Ráiteas

Gold facade

Tá feachtas seolta ag Banc Ceannais na hÉireann inniu (an 10 Samhain 2025) chun cuidiú le tomhaltóirí camscéimeanna a sheachaint trí aird a tharraingt ar an dóigh a bhfuil modhanna caimiléirí ag athrú.

I measc na modhanna nach bhfuil an oiread sin eolais ag daoine orthu, tá suíomhanna gréasáin comparáide bréige atá an-chosúil le suíomhanna gréasáin móréilimh ina gcuidítear le tomhaltóirí an margadh is fearr a aimsiú ar sheirbhísí nó táirgí airgeadais. Ina ionad sin, níl ann ach cur i gcéill chun faisnéis phearsanta a bhailiú a úsáidtear chun dul i dteagmháil le tomhaltóirí d’fhonn táirge nó seirbhís bhréige a thairiscint dóibh. Is ea is dóichí go mbuailfear tomhaltóirí ag camscéim den chineál seo toisc go bhfuil siad ar an margadh ar thóir táirge faoi leith agus go mbeidh siad ag súil le tuilleadh teagmhála.

Modh a bhfuil tóir air freisin is ea scéimeanna aisghabhála calaoise ina dtéann caimiléirí i dteagmháil le híospartaigh na calaoise le gealltanais go bhfaighfear airgead a cailleadh ar ais ach íocaíocht a dhéanamh roimh ré. Tá siad sin leagtha amach chun teacht i dtír ar éadóchas an íospartaigh agus chun d’fhéadfadh go mbeadh caillteanas breise airgid ann dá dtoradh.

Tá sé tugtha faoi deara ag Banc Ceannais na hÉireann go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid atá á baint as an intleacht shaorga (IS) chun fógraí agus próifílí réalaíocha a chruthú ar na meáin shóisialta ina ndéantar aithris ar phearsana poiblí nó pearsana gnó (‘domhainbhrionnú’). Cuirtear ardáin infheistíochta chun cinn ar na próifílí agus na fógraí nó spreagtar tomhaltóirí chun a bheith ina mball de ghrúpaí ‘meantóireachta trádála’ chun comhairle a fháil. Cóitseáiltear tomhaltóirí tríd an bpróiseas chun cuntais a shocrú suas ar ardáin infheistíochta bhréige agus maoiniú a aistriú. I roinnt cásanna, spreagtar iad freisin chun bogearraí a shuiteáil ar a ngairis, d’fhonn go mbeadh teacht ag caimiléirí ar bhreis faisnéise pearsanta íogair.

Le linn sheoladh an fheachtais, dúirt Colm Kincaid, an Leas-Ghobharnóir um Chosaint Tomhaltóirí agus Infheisteoirí: “Ar fud na sochaí, feicimid camscéimeanna atá ag éirí níos cliste, go háirithe ar na meáin shóisialta agus ar chainéil dhigiteacha eile. Tá caimiléirí ag baint úsáid as na cainéil seo chun dochar a dhéanamh do na daoine a bhaineann úsáid as seirbhísí airgeadais rialáilte.  Tá tairbhí soiléire ag baint le digitiú, ach mar gheall ar na hionsaithe seo, tá sé níos riachtanaí bheith airdeallach.

“Tá athrú ag teacht fiú ar na teachtaireachtaí maidir le camscéimeanna infheistíochta. In ionad gealltanais maidir le brabúis arda luachmhara nó tairbhí cuidsúlacha, feicimid go bhfuiltear ag dul i dtreo camscéimeanna nach bhfuil á thairiscint acu ach ráta níos airde ná an gnás margaidh, agus mar gheall air sin, bíonn sé níos deacra iad a aithint.

“Tá an feachtas seo á sheoladh againn chun tomhaltóirí a spreagadh le ham a ghlacadh chun an fhaisnéis a fheiceann siad ar líne a dheimhniú, lena chinntiú nach ndéileálann siad ach amháin le soláthróir seirbhísí airgeadais rialáilte agus go bhfaighidh siad an chomhairle rialáilte riachtanach sula ndéanann siad cinntí riachtanacha airgeadais.”

Molann an Banc Ceannais do thomhaltóirí:

  • Gan úsáid a bhaint ach as suíomhanna gréasáin comparáide a bhfuil aithne agus dea-cháil orthu agus aon táirgí nó tairiscintí a dheimhniú go neamhspleách.
  • Déan mionscrúdú ar fhógraí agus ar phróifíleanna, seiceáil foinse na bhfógraí, agus athbhreithnigh agus ceistigh aon deiseanna nó ardáin infheistíochta a aimsíonn siad sula ndéanann siad aon fhaisnéis phearsanta a chur isteach nó aon airgead a aistriú.
  • Tabhair neamhaird ar mhangaireachtaí fóin, ar ríomhphoist nó ar theachtaireachtaí ar na meáin shóisialta ó dhuine ar bith a mhaíonn go gcuideoidh siad leat airgead caillte a aisghabháil.
  • Ná híoc táillí as ucht maoiniú caillte a aisghabháil riamh agus bí aireach maidir le faisnéis phearsanta a roinnt.
  • Tabhair faoin tástáil SAFE:
    • Stop, smaoinigh agus cuir ceist ort féin maidir lena bhfuil á thairiscint duit.
    • Déan measúnú ar an bhfaisnéis a chuirtear faoi do bhráid agus déan cinnte go bhfuil an gnólacht agus an táirge dlisteanach.
    • Tabhair faoi sheiceáil fíricí lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis ag teacht ó fhoinse iontaofa.
    • Déan caimiléirí a nochtadh agus a thuairisciú chuig Banc Ceannais na hÉireann nó an Garda Síochána.

Tá eolas breise ag an mBanc Ceannais maidir le camscéimeanna a sheachaint ag https://www.centralbank.ie/scams

Is féidir le tomhaltóirí glaoch a chur ar 0818 681 681 nó dul i dteagmháil leis an mBanc Ceannais tríd an rannán maidir le gnólachtaí neamhúdaraithe a thuairisciú ar ár láithreán gréasáin.

CRÍOCH

Tuilleadh eolais

[email protected] 086 210 33859

[email protected]