Nuacht

An rialú agus an mhaoirseacht éifeachtach, éifeachtúil i measc na mbeart is mó is féidir linn a dhéanamh ar mhaithe le seasmhacht, teacht aniar agus muinín sa chóras airgeadais

25 Samhain 2025 Preas Ráiteas

Outside of Central Bank building with cars parked on street

An ceathrú Comhdháil ar an gCóras Airgeadais á reáchtáil ag Banc Ceannais na hÉireann

Is inniu (25 Samhain) atá an ceathrú Comhdháil ar an gCóras Airgeadais ar siúl ag Banc Ceannais na hÉireann. Tá ceannasaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta, ionadaithe thar ceann tomhaltóirí agus lucht ceaptha beartas ag teacht le chéile le linn na comhdhála chun na ceisteanna is mó a théann i bhfeidhm ar an gcóras airgeadais a phlé.

Ina aitheasc le linn na comhdhála, dúirt an Gobharnóir Gabriel Makhlouf go bhfuil tábhacht níos mó ná riamh ag baint leis an obair a dhéanann bainc cheannais agus rialtóirí anois i saol scoilte a bhíonn de shíor ag athrú chun seasmhacht airgeadaíochta agus airgeadais a thabhairt ionas go mbeidh an córas airgeadais ag feidhmiú i gcónaí ar mhaithe le leasa tomhaltóirí agus an gheilleagair i gcoitinne.

Seo mar a labhair sé: “Tá an rialú agus an mhaoirseacht éifeachtach éifeachtúil i measc na mbeart is mó is féidir linn a dhéanamh ar mhaithe le seasmhacht, teacht aniar agus muinín sa chóras airgeadais. Tá taithí na mblianta tar éis an tuairim atá agam a threisiú, is é sin nach mbíonn córas láidir rialála ag brath ar an líon rialacha atá ann ach ar chomh maith atá na rialacha sin, chomh cothrom a chuirtear i bhfeidhm iad agus an mhuinín a spreagann siad.

“Tá focail áirithe go mór chun tosaigh i réimse na rialála airgeadais i mbliana, cuir i gcás dírialáil, dímhaoirseacht, nuachóiriú agus simpliú. B’fhearr liomsa díriú i gcónaí ar a bheith réamhbhreathnaitheach, fanacht nasctha, comhréireach, intuartha, trédhearcach agus sofhreagrúil nó, i bhfocail eile, rialú agus maoirsiú stuama a dhéanamh.

“Ní bhaineann an dea-rialáil le maolú na gcaighdeán ná le leagan an bhonneagair atá ann chun tomhaltóirí a chosaint agus seasmhacht airgeadais a dheimhniú. Baineann an dea-rialáil le soiléireacht, leanúnachas agus stuamacht i ngach a ndéanaimid ionas go dtuigtear na rialacha, go gcuirtear i bhfeidhm iad mar a bheadh súil leo agus go mbaintear amach a gcuspóir gan ualach ná castacht gan údar a bheith ann.”

Maidir leis an gcéad chéim eile d’fhorbairt Bhanc Ceannais na hÉireann, dúirt an Gobharnóir Makhlouf “go bhfuil próisis an Bhainc i ndáil leis an maoirseacht, údarú agus rannpháirtíocht cuíchóirithe agus treisithe againn le tamall de bhlianta anuas. Tá modh maoirseachta nua tugtha isteach againn atá bunaithe ar riosca agus dírithe ar thorthaí go fóill ach atá níos comhtháite i ngach gné den Bhanc.

“Tá próisis phoiblí an Bhainc feabhsaithe againn, údaruithe san áireamh, agus tá siad níos oscailte, níos seasta agus níos intuartha dá réir. Na torthaí atá bainte amach againn sa chéad Bhosca Gainimh Nuálaíochta againn, is múnla nua iad don rannpháirtíocht nuálaíochta, múnla ina spreagtar nuálaíocht shábháilte trí bhíthin an chomhair leis an tionscal.

“Tá an modh forbartha beartais athraithe. Is dea-shampla iad na bearta morgáiste den rialáil lena bhfoghlaimítear ón gcleachtas, agus léiríonn siad an chaoi ina ndéanaimid measúnú agus leasú ar chreataí de réir a chéile bunaithe ar shonraí, ar fhianaise agus ar thaithí le go mbeidh teacht aniar sa chóras agus teacht ag daoine ar iasachtú inbhuanaithe.

Thug an Gobharnóir Makhlouf aitheantas don obair atá ar bun ag Banc Ceannais na hÉireann ar leibhéal na hEorpa agus luaigh go mbíonn an rialáil ardchaighdeáin ag brath ar chomhsheasmhacht idir creataí baile agus creataí Eorpacha. “Tá athbhreithniú ar bun againn ar chreataí le go mbeidh siad ag teacht le forbairtí ar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh, le go mbeidh comhsheasmhacht ann i gcórais sa tír seo agus le go mbeidh comhréireacht ann agus iad á gcur i bhfeidhm” a dúirt sé. Measaimid, mar shampla, go dtiocfaidh rialacháin nua de chuid an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm seachas an creat reatha atá againn i gcoinne sciúradh airgid. 

“Agus rialacháin úra á dtabhairt isteach againn sa bhaile, tá athbhreithniú á dhéanamh againn ar na rialacháin reatha atá againn. Mar shampla, táimid chun athbhreithniú a dhéanamh in 2026 ar na ceanglais ó thaobh rialachas corparáideach de le nach mbeidh dúbláil ann, le go mbeidh earnálacha éagsúla i gcomhréir lena chéile, agus chun an chomhréireacht agus soiléireacht a dhaingniú mar chuid den dearadh rialachais.”

“An rud is tábhachtaí domsa,” arsa an Gobharnóir Makhlouf “is ea an disciplín taobh thiar de na tionscadail seo: athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil forbartha againn, cloí leis an dea-chleachtas agus riachtanais sa bhaile a shásamh, féachaint lena dheimhniú go mbíonn na rialacha ann ar mhaithe lena gcuspóir i gcónaí agus, san am céanna, díriú i dtólamh ar ár ról a chomhlíonadh.”

Bhí an Gobharnóir Makhlouf soiléir nár chóir go mbeadh aon mhíthuiscint againn gurbh ionann na hiarrachtaí chun beartas agus próisis níos fearr a dhéanamh agus maolú ar chur chuige an Bhainc i leith na rialála agus na maoirseachta. “Ní thiocfaidh laghdú ar na caighdeáin a mbímid ag dréim leo ó ghnólachtaí atá rialáilte. Ní bheimid ag tarraingt siar ón maoirseacht. Déanfaimid gníomh forfheidhmiúcháin i gcónaí más gá. Má bhíonn feidhm orainn rialacha nó ceanglais nua a thabhairt isteach de bharr athruithe ar an timpeallacht riosca, déanfaimid an méid sin.”

Sna seachtainí atá le teacht, foilseoidh Banc Ceannais na hÉireann liosta tionscnamh reatha chun an creat rialála baile a shoiléiriú, lena n-áirítear comhairliúchán an bhliain seo chugainn faoi Chreat Measúnaithe Tionchair Rialála. Beidh Banc Ceannais na hÉireann ag plé go gníomhach i gcónaí le dreamanna eile le rialacha na hEorpa a shoiléiriú ar mhaithe leis an Margadh Aonair a neartú.

Arsa an Gobharnóir Makhlouf, “Ní hionann gealltanas i leith na dea-rialála agus na soiléireachta agus gealltanas nach mbeidh aon rialáil nua ann; an rud atá i gceist ná go ndéanfar a chinntiú go mbeidh gach beart nua dea-cheaptha, go mbeidh údar maith leis agus go dtuigfear é. Má thugaimid faoin rialáil agus faoin maoirseacht éifeachtach, fágfaidh sé sin sa deireadh go mbeidh soiléireacht ann faoin gcuspóir, leanúnachas sa phróiseas agus comhsheasmhacht ann ó thaobh prionsabail de.

“Ní rudaí roghnacha iad an rialáil agus an mhaoirseacht láidir, éifeachtúil agus éifeachtach; is riachtanais iad, agus is ceann de na bealaí is fearr iad chun cur leis an teacht aniar i gcóngar agus leis an muinín i gcéin. Má chuirimid dúshlán romhainn féin i rith an ama, má léirímid umhlaíocht faoi luach na foghlama síoraí agus má dhéanaimid ár gcuid creataí a fhorbairt ar shlí eagraithe, creidim go láidir go bhfeidhmeoidh an córas airgeadais go maith i gcónaí, is cuma faoin méid a chuirtear inár dtreo ón timpeallacht sheachtrach.”

CRÍOCH

Tuilleadh eolais:

[email protected]

[email protected]


Nótaí don Eagarthóir