Nuacht
An seachtú Tuarascáil Bhliantúil maidir le hÁrachas Gluaisteán Príobháideach ón mBunachar Náisiúnta Faisnéise ar Éilimh foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann
31 Deireadh Fómhair 2025
Preas Ráiteas

Tá an seachtú Tuarascáil Bhliantúil maidir le hÁrachas Gluaisteán Príobháideach ón mBunachar Náisiúnta Faisnéise ar Éilimh (NCID) (PDF 2.2MB) foilsithe inniu (an 31 Deireadh Fómhair 2025) ag Banc Ceannais na hÉireann. Sa tuarascáil, breathnaítear ar shonraí ón mbliain 2010 go 2024 agus tugtar léargais ar phréimheanna, éilimh agus feidhmíocht airgeadais chomhiomlán san earnáil um árachas gluaisteán príobháideach. Déanann NCID sonraí ó na hárachóirí ar fad a dhíolann árachas gluaisteán príobháideach in Éirinn a chur i dtoll a chéile d’fhonn trédhearcacht fhoriomlán san earnáil um éilimh ghluaisteáin phríobháideacha a fheabhsú.
B’ionann agus €1.46bn an phréimh chomhiomlán scríofa iomlán sa bhliain 2024 maidir le hárachas gluaisteán príobháideach. I measc na bpríomhthorthaí eile a foilsíodh i dtuarascáil an lae inniu, áirítear:
An Costas a bhaineann le hÁrachas
- Tháinig méadú 9% go €623 ar an bpréimh scríofa mheánach in aghaidh an pholasaí idir 2023 agus 2024.
- Tháinig méadú 3% go €397 ar an gcostas ionchais ar éilimh in aghaidh an pholasaí in 2024, arb é sin an costas is airde ón mbliain 2014. Is éilimh ar dhamáiste is cúis leis sin:
- Tháinig méadú go €192 ar an gcostas maidir le héilimh ar dhamáiste in aghaidh an pholasaí, ach tá an costas maidir le héilimh ar dhíobháil in aghaidh an pholasaí níos ísle i gcónaí ná na leibhéil a bhí ann roimh na bpaindéim ag €205.
- D’fhan an costas maidir le héilimh ar dhíobháil seasmhach idir 2022 agus 2024, i gcomparáid le €257 don chostas meánach roimh COVID ó 2015-2019.
- Tháinig laghdú ar an gcostas meánach maidir le héilimh ar dhíobháil níos lú le blianta beaga anuas, ach rinneadh cúiteamh air sin mar gheall ar mhéadú ar an gcostas meánach i ndáil le héilimh ar dhíobháil níos mó.
- B’ionann na costais ionchais ar éilimh mar chéatadán de na préimheanna a fuarthas agus 68% in 2024.
- In 2024, bhí cumhdach cuimsitheach ag dul le 93% de pholasaithe, rud atá i gcomhréir le torthaí na bliana 2023.
Ioncam agus Caiteachas
- B’ionann brabús oibriúcháin agus 4% den ioncam iomlán in 2024, síos ó 8% in 2023 agus 12% in 2022.
- San iomlán, idir 2010 agus 2024, b’ionann brabús oibriúcháin agus 5%.
- B’ionann Cóimheas Oibriúcháin Comhcheangailte (COR) agus 95% comhlán agus 99% glan d’athárachas.
Éilimh a Réitíodh in 2024
- B’ionann an costas iomlán a bhain le héilimh a réitíodh in 2024 agus €792m.
- Bhain costais maidir le héilimh ar dhamáiste le 54% de na costais maidir le héilimh a réitíodh, ar méadú é sin ar an meán 29% a tugadh faoi deara idir 2015 agus 2021.
- Tháinig méadú 6% ar éilimh ar dhamáiste, agus tháinig méadú 18% ar an meánchostas maidir le héilimh ar dhíobháil i gcomparáid le 2023.
- Maidir le héilimh ar dhíobháil a réitíodh in 2024:
- Réitíodh 48% go díreach leis an árachóir, agus ba é an tréimhse mheánach a glacadh chun teacht ar an réiteach ná 1.8 bliain.
- Réitíodh 16% tríd an mBord um Réiteach Díobhálacha, agus ba é 2.7 bliain an tréimhse mheánach a glacadh chun teacht ar an réiteach.
- Réitíodh 36% trí dhlíthíocht, agus ba é 5 bliana an tréimhse mheánach a glacadh chun teacht ar an réiteach.
Treoirlínte maidir le Díobhálacha Pearsanta
Maidir leis na héilimh ar dhíobháil a réitíodh go díreach nó tríd an mBord um Réiteach Díobhálacha, réitíodh beagnach gach éileamh faoi na Treoirlínte in 2024. Maidir le héilimh ar dhíobháil a réitíodh trí dhlíthíocht in H2 2024:
- Réitíodh 57% faoi na Treoirlínte.
- Réitíodh 43% trí thagairt don Leabhar Candaim.
Bhí an costas meánach maidir leis na héilimh a réitíodh faoi na Treoirlínte in 2024 (i gcomparáid leis na héilimh a réitíodh sa chainéal céanna faoin Leabhar Candaim in 2020):
- 33% níos ísle maidir le héilimh a réitíodh go díreach os comhair an Bhoird um Réiteach Díobhálacha.
- 8% níos ísle maidir le héilimh a réitíodh tríd an mBord um Réiteach Díobhálacha.
- 26% níos ísle maidir le héilimh a réitíodh go díreach i ndiaidh an Bhoird um Réiteach Díobhálacha.
Chomh maith leis sin, tugadh laghdú in íocaíochtaí cúitimh faoi deara i ndáil le héilimh (faoi bhun an chostais cúitimh €100,000) a réitíodh sa chainéal dlíthíochta.
Dúirt Robert Kelly, an Stiúrthóir Eacnamaíochta agus Staidrimh i mBanc Ceannais na hÉireann: “Tá áthas orainn an seachtú Tuarascáil Bhliantúil de chuid NCID maidir le hÁrachas Gluaisteán Príobháideach a fhoilsiú inniu. Is acmhainn thábhachtach do lucht déanta polasaithe, do pháirtithe leasmhara agus don tionscal seirbhísí airgeadais i gcoitinne í lena bhfeabhsaítear trédhearcacht fhoriomlán na timpeallachta maidir le héilimh agus leis an earnáil árachais.
Tháinig méadú 9% ar an bpréimh mheánach scríofa i gcomparáid le 2023. Léirítear sna sonraí freisin go bhfuil méadú ag teacht ar an gcostas maidir le héilimh i gcónaí, mar gheall ar mhéadú in éilimh ar dhamáiste go príomha. In 2024, bhain éilimh ar dhamáiste le 54% de na costais maidir le héilimh a réitíodh, ar méadú suntasach é sin ar an meán 29% a tugadh faoi deara idir 2015 agus 2021.
“Cé go raibh ardú ar líon na n-éileamh a réitíodh agus ar na costais a bhaineann leo sin ó bhí blianta COVID ann, tá sé tábhachtach a léiriú go raibh an costas iomlán maidir le héilimh ar dhíobháil a réitíodh in 2024 16% níos ísle ar an meán ó 2015 go 2019, agus líon iomlán na n-éileamh ar dhíobháil a réitíodh 23% níos ísle. B’ionann brabús oibriúcháin agus 4% den ioncam iomlán in 2024, síos ó 8% in 2023 agus 12% in 2022. San iomlán, idir 2010 agus 2024, b’ionann brabús oibriúcháin agus 5%.”
CRÍOCH
Tuilleadh Eolais
Kelly Horn [email protected] / [email protected]