Nuacht
Comhairliúchán maidir le Rochtain ar Airgead Tirim á sheoladh ag Banc Ceannais na hÉireann
05 Nollaig 2025
Preas Ráiteas

Tá comhairliúchán poiblí seolta ag Banc Ceannais na hÉireann inniu (5 Nollaig) maidir le feidhmiú na bhfreagrachtaí nua atá orainn ó thaobh Rochtain ar Airgead Tirim de.
Seo an méid a dúirt an Leas-Ghobharnóir Vasileios Madouros: “Agus sinn ag feidhmiú i dtimpeallacht íocaíochtaí a bhíonn ag athrú go mear, tá gealltanas á thabhairt ag Banc Ceannais na hÉireann go mbeidh airgead tirim ar fáil go réidh i gcónaí mar mhodh íocaíochta. Céim thábhachtach chun tosaigh atá sa chomhairliúchán atá á sheoladh inniu sa phróiseas chun na freagrachtaí nua atá ar Bhanc Ceannais na hÉireann faoin reachtaíocht um Rochtain ar Airgead Tirim a chur i bhfeidhm.”
Pléitear le dhá chuid den chóras nua i dtaca le Rochtain ar Airgead Tirim sa chomhairliúchán poiblí.
Ar dtús, déantar foráil leis an reachtaíocht le gur féidir easnaimh logánta sa bhonneagar airgid thirim a shonrú. Baineann sé sin le háiteanna áirithe sa tír ina bhféadfadh sé go mbeadh deacrachtaí faoi leith ann airgead tirim a fháil, fiú má bhíonn na critéir don Rochtain ar Airgead Tirim á gcomhlíonadh. Tá sé ina cheanglas ar Bhanc Ceannais na hÉireann treoirlínte a chur le chéile ina dtugtar an t-eolas faoin tslí a bhfaighfear fógraí, an tslí a dtabharfaimid faoi mheasúnuithe agus an tslí a ndéanfaimid cinntí i dtaca le heasnaimh logánta sa bhonneagar airgid thirim. Tá tuairimí á lorg i dtaobh na dtreoirlínte atá beartaithe againn sa chomhairliúchán poiblí atá á sheoladh inniu againn.
Ar an dara dul síos, tá comhairle á lorg againn maidir le híoschaighdeáin seirbhíse d’uathmheaisíní bainc agus ceanglais ó thaobh fógraí de do ghnólachtaí a fheidhmíonn uathmheaisíní bainc. Táimid chun rialacháin a fhoilsiú in 2026 ina leagfar amach caighdeáin seirbhíse d’uathmheaisíní bainc i dtaca le huaireanta inúsáidteachta uathmheaisíní bainc, teorainneacha aistarraingthe airgid thirim, leibhéil stocála ainmníochta nótaí bainc, uastréimhsí do-úsáidteachta uathmheaisíní bainc, agus riachtanais ó thaobh comharthaí agus eolais de. Leagfar amach sna rialacháin chomh maith na ceanglais a bheidh ar oibreoirí uathmheaisíní bainc Banc Ceannais na hÉireann agus an pobal a chur ar an eolas má bheartaíonn siad aon athruithe a dhéanamh ar a ngnó.
Seo an méid a dúirt an Leas-Ghobharnóir Vasileios Madouros: “Deis atá anseo don phobal agus do phríomhpháirtithe leasmhara a dtuairim a thabhairt faoin tslí a gcuirfear na gnéithe tábhachtacha seo den reachtaíocht i bhfeidhm. Is mian linn éisteacht le réimse leathan tuairimí le go mbeimid in ann na forálacha seo a chur i bhfeidhm ar bhealach a bheidh éifeachtach, cothrom agus oiriúnach.”
Beidh an comhairliúchán poiblí oscailte ón 5 Nollaig 2025 go dtí an 4 Márta 2026. Cuirimid fáilte roimh aiseolas ar chuid amháin den chomhairliúchán nó ar an dá chuid de. Is féidir an t-aiseolas a thabhairt in aon fhreagra amháin más fearr leis an duine é sin.
Ina theannta sin, beidh Banc Ceannais na hÉireann ag plé go díreach le tomhaltóirí, daoine faoi mhíchumas, daoine scothaosta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe an earnáil mhiondíola agus an earnáil fáilteachais sa chéad ráithe in 2026.
CRÍOCH
Tuilleadh Eolais
Tá tuilleadh eolais agus na comhairliúcháin féin ar Shuíomh gréasáin Bhanc Ceannais na hÉireann.