Nuacht

Níl teaghlaigh in Éirinn ag baint gach leas as roghanna infheistíochta

01 Nollaig 2025 Preas Ráiteas

Central Bank Building at night over looking the river Liffey

  • Is in Éirinn atá cuid de na leibhéil is ísle san Aontas Eorpach den rannpháirtíocht dhíreach mhiondíola i margaí caipitil agus daoine ag beartú a gcuid rachmais a choinneáil i réadmhaoin, in árachas saoil agus i bpinsin.
  • Níl na cúinsí tábhachtacha ratha ar fad i bhfeidhm in Éirinn go fóill chun tacú leis an infheistíocht mhiondíola.

Tá taighde tomhaltais agus anailís ar an infheistíocht mhiondíola in Éirinn foilsithe inniu (1 Nollaig) ag Banc Ceannais na hÉireann.

Bunaithe ar chomparáid idir sonraí faoi na sócmhainní airgeadais atá ag teaghlaigh in Éirinn i gcomparáid leis an gcás i dtíortha eile san Aontas Eorpach, is in Éirinn atá cuid de na leibhéil is ísle den rannpháirtíocht dhíreach i margaí caipitil trí chothromas liostaithe, urrúis fiachais agus cistí infheistíochta. Tá claonadh i bhfad níos coitianta ann i measc daoine in Éirinn a rachmas agus coigilteas a choinneáil i réadmhaoin, in árachas saoil agus i bpinsin.

De réir an taighde, is iad na teaghlaigh is saibhre atá freagrach as an gcuid is mó den rannpháirtíocht dhíreach agus indíreach i margaí caipitil. I gcás infheisteoirí miondíola in Éirinn, is mó seans go mbeidh leibhéal níos airde oideachais bainte amach acu, go mbeidh fostaíocht acu, go mbeidh leibhéil níos airde ioncaim acu, gur fir iad, go mbeidh siad idir 35 agus 54 bliain d’aois agus go mbeidh cónaí orthu i mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

De réir na tuarascála, bíonn meascán cúiseanna taobh thiar den chinneadh infheistíochta. Bíonn spriocanna praiticiúla agus uaillmhianacha airgeadais ag daoine le tabhairt faoin infheistíocht a chéaduair. Aithnítear sa tuarascáil na bacainní is mó ar an infheistíocht, cuir i gcás easpa acmhainní airgeadais i dtuairim an duine, bacainní síceolaíochta ar nós imní agus easpa muiníne, easpa eolais agus tuisceana ar an infheistíocht, agus easpa tacaíochta agus comhairle.

Luaitear sa tuarascáil chomh maith bearta le dul i ngleic leis na bacainní sin agus leis an infheistíocht mhiondíola a fheabhsú. I measc na mbeart seo tá roghanna táirgí agus bearta oideachais airgeadais.

Deir 10% de dhaoine nó mar sin, fir den mhórchuid, go bhfuil sócmhainní criptea-airgeadra acu. Suimeanna beaga a bhíonn ann de ghnáth (€2,266 ar an meán) agus bíonn cúiseanna eile seachas foinse airgid don am atá le teacht ag an gcuid is mó díobh (mar shampla, luann 56% acu gur fiosracht an chúis acu).

Seo an méid a bhí le rá ag an Leas-Ghobharnóir Colm Kincaid: “Má bhíonn margadh airgeadais ag feidhmiú mar is ceart, caithfidh an margadh sin a bheith ag teacht le riachtanais agus roghanna na dtomhaltóirí agus infheisteoirí ar fad agus freastal orthu. Tá léargas againn sa taighde seo ar na riachtanais agus roghanna sin i measc na sochaí ar fad a chuirfidh eolas ar fáil don bheartas poiblí in am cinniúnach agus sinn ag féachaint le go mbeidh teacht níos fearr ag infheisteoirí miondíola ar mhargaí caipitil.

Is léir ón taighde, an tslí a bhfuil cúrsaí faoi láthair, nach bhfuil na seirbhísí airgeadais éifeachtach mar mhodh chun dul i bhfeidhm ar gach infheisteoir a d’fhéadfadh a bheith sa phobal. Mar sin, seans nach bhfuil teaghlaigh in Éirinn ag baint gach leas seirbhísí airgeadais ar mhaithe leo féin don am atá le teacht.”

CRÍOCH