Nuacht
Íocaíochtaí sa lá atá inniu ann agus amach anseo - glaoch ar iarratasóirí bosca gainimh fógartha ag an mBanc Ceannais
23 Meán Fómhair 2025
Preas Ráiteas

Óstáladh i mBanc Ceannais na hÉireann inniu (Dé Máirt an 23 Meán Fómhair) an “Seimineár Íocaíochtaí 2025: Conair Íocaíochtaí in Éirinn Amach Anseo a Leagan Amach”.
Rinne lucht freastail an tseimineáir, ó fud fad na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha, iniúchadh ar an dóigh is fearr torthaí na Straitéise Náisiúnta Íocaíochtaí agus na Straitéise Íocaíochta Miondíola Eurochórais a bhaint amach, ar fud na n-earnálacha éagsúlacha baincéireachta, íocaíochtaí, agus teicneolaíochta airgeadais in Éirinn.
Le linn an tseimineáir, clúdaíodh forbairt na n-íocaíochtaí miondíola agus mórdhíola amach anseo, mar aon leis an tábhacht atá le rannpháirtíocht leanúnach idir na hearnálacha poiblí agus príobháideacha maidir le dul i dtreo éiceachóras íocaíochtaí atá níos éifeachtúla, níos acmhainní agus níos comhtháite.
Ag labhairt dó le linn imeacht an lae inniu, dúirt an Leas-Ghobharnóir Vasileios Madouros: “Maireann an geilleagar ar íocaíochtaí, agus d’fhéadfadh nuálaíocht in íocaíochtaí – ach é sin curtha i gcrích go maith agus go sábháilte – an glas a bhaint de thairbhí geilleagracha níos leithne. Le linn ré ina bhfuil luas mear faoin nuálaíocht sa tírdhreach íocaíochtaí, ní mór don Bhanc Ceannais dul in oiriúint – ní féidir linn neamhaird a thabhairt air sin. Is é an aidhm atá againn ar deireadh thiar go mbainfear amach na tairbhí a bhaineann le nuálaíocht agus go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar na rioscaí, d’fhonn go mbeadh muinín as airgead agus as íocaíochtaí i gcónaí le linn an aistrithe leanúnaigh seo.
Is é sin a fáth gur chinneamar go mbeadh “Nuálaíocht in Íocaíochtaí” mar théama lenár gClár Nuálaíochta Bosca Gainimh. Leis an mBosca Gainimh, cuirtear deis ar fáil rannpháirtíocht a mhéadú idir an Banc Ceannais agus an earnáil phríobháideach i réimse na n-íocaíochtaí. Tá sé mar aidhm leis réitigh nuálacha a chothú lena gcuirtear íocaíochtaí níos sábháilte, níos gasta agus níos ionchuimsithí ar fáil do theaghlaigh agus gnólachtaí, le linn léargas luath a chur ar fáil don Bhanc Ceannais ar rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ceisteanna maoirseachta.
Inniu, osclaímid ár nglaoch ar iarratais don Bhosca Gainimh. Cuirimid fáilte roimh iarratasóirí atá ag gach céim dá bhforbairt, idir ghnólachtaí nuathionscanta agus ghnólachtaí reatha, agus gach céim idir eatarthu. Tá spéis againn freisin iarratais a fháil ó chomhpháirtíochtaí. Más gnólacht nó comhpháirtíocht atá ionat atá i mbun táirge nó seirbhís a fhorbairt ina mbaintear leas as teicneolaíocht nuálach chun torthaí íocaíochtaí níos fearr a bhaint amach do thomhaltóirí seirbhísí airgeadais, iarraimid ort breithniú a dhéanamh ar iarratas a chur isteach.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tá tuilleadh eolais maidir leis an mBosca Gainimh ar fáil ar ár láithreán gréasáin, chomh maith leis na critéir roghnúcháin agus an fhoirm iarratais. Cuirfear tús leis an gclár Bosca Gainimh Nuálaíochta i mí Eanáir 2026 agus beidh sé ar siúl ar feadh sé mhí chun deis a thabhairt an nuálaíocht a fhorbairt.