Nuacht
Private Client Trustees Limited (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
18 Márta 2026
Warning Notice

| Rabhadh | Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe / Bainisteoir Cistí Infheistíochta Malartaí Neamhúdaraithe |
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Private Client Trustees Limited (Clón) |
| Suíomh gréasáin | https://privateclienttrustees.com/ |
| Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | |
| Uimhir/(Uimhreacha) g(h)utháin a úsáidtear | +353 1 526 6500 |
| Údarú in Éirinn | Níl Private Client Trustees Limited (CLÓN) údaraithe chun seirbhísí infheistíochta nó seirbhísí bainistíochta Cistí Infheistíochta Malartaí a sholáthar in Éirinn. |
| Faisnéis bhreise | Tá clónáil déanta ag an nGnólacht
Neamhúdaraithe seo ar ainm agus ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc
Ceannais agus tá sé ag ligean air gurb é an gnólacht dlisteanach, Private
Client Trustees Limited, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil
ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an
Gnólacht Neamhúdaraithe. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.