Nuacht

Feidhmíocht láidir gheilleagar na hÉireann léirithe sna chéad réamhaisnéisí do 2019

26 Eanáir 2018 News Categories - Irish

Central Bank of Ireland

  • Réamh-mheastachán OTI ardaithe go dtí 4.4% do 2018, á mhaolú go dtí 3.9% do 2019
  • Bunéileamh intíre ag méadú i gcónaí freisin, agus fás ar fhostaíocht agus ioncaim ag tacú leis
  • Rioscaí ann i gcónaí, lena n-áirítear Brexit, an timpeallacht trádála agus cánach domhanda agus róbhorradh intíre

Tá a chéad Fhaisnéis Ráithiúil do 2018 foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann ina léirítear réamhaisnéisí eacnamaíocha 2019 den chéad uair. San Fhaisnéis Ráithiúil, scrúdaítear treochtaí a chonacthas le déanaí sa gheilleagar intíre agus cuirtear réamhaisnéisí an Bhainc Ceannais do gheilleagar na hÉireann i láthair, mar aon lena thuairimí ar shaincheisteanna beartais mhaicreacnamaíoch intíre.

Tuairiscítear an méid seo a leanas san Fhaisnéis Ráithiúil:

  • Tá geilleagar na hÉireann ag feidhmiú go maith i gcónaí agus tá an réamh-mheastachán don fhás ar OTI in 2018 ardaithe go dtí 4.4% agus meastar go mbeidh an t-éileamh ónár bpríomh-chomhpháirtithe trádála níos láidre in 2018 ná mar a bhíothas ag súil leis tráth na réamhaisnéise deireanaí
  • Meastar go mbeidh maolú beag ar fhás OTI in 2019 go dtí 3.9% de réir mar a bheidh an geilleagar ag druidim i dtreo na lánfhostaíochta agus de réir mar a mhaolóidh fás inár gcomhpháirtithe trádála
  • Táthar ag súil go dtiocfaidh fás 2.2% agus 1.8% ar fhostaíocht in 2018 agus 2019 faoi seach. Chiallódh sé seo go mbeadh 89,000 duine breise ag obair agus go mbeadh an leibhéal foriomlán fostaíochta comhionann le 2.3 milliún, is é sin le rá, os cionn an bhuaicleibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim (2007). Ar a shon sin, is dócha go mbeidh comhdhéanamh na fostaíochta an-éagsúil faoi 2019 sa mhéid go mbeidh tuairim is 1 as gach 16 duine fostaithe (go díreach) i dtionscal na tógála i gcomparáid le 1 as gach 9 duine in 2007.
  • Tuartar go mbeidh ardú de réir a chéile ar bhoilsciú príomha go dtí 0.7% in 2018 agus 0.9% in 2019 de réir mar a mhaolóidh an iarmhairt dhiúltach le déanaí ar phraghsanna earraí, rud a bhí á spreagadh den chuid is mó ag an laghdú ar luach steirling agus ag allmhairí níos saoire. San am céanna, meastar go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna seirbhísí.

Mar a deir, Mark Cassidy, an Stiúrthóir nua ar Eacnamaíocht agus Staidreamh: “Tá an t-ionchas do gheilleagar na hÉireann dearfach, tríd is tríd, agus é á spreagadh ag fás leathan ar fhostaíocht a chuireann borradh faoi ioncaim agus faoi chaiteachas tomhaltóirí.

“Thar aon rud eile, faighimid spléachadh ar an lánfhostaíocht ón ionchas seo de réir mar a thuartar go laghdóidh an ráta dífhostaíochta go dtí thart ar 5% an bhliain seo chugainn. Táthar ag súil freisin go dtiocfaidh méadú 3.2% agus 3.4% ar mheántuilleamh i mbliana agus an bhliain seo chugainn faoi seach.

“Ar a shon sin, ní féidir linn a bheith réchúiseach mar tá seans ann nach mbeidh an fás eacnamaíoch seo ar sheol na braiche agus tá rioscaí suntasacha, éagsúla ag bagairt air. Toisc go bhfuil geilleagar beag, oscailte againn, táimid an-leochaileach don éiginnteacht atá i réim faoi láthair sa timpeallacht cánach domhanda. Is é Brexit an chainníocht anaithnid i dtéarmaí dálaí trádála amach anseo leis an Ríocht Aontaithe, comhpháirtí ríthábhachtach eacnamaíoch. I bhfianaise an fháis láidir seo agus an riosca a bhaineann le róbhorradh eacnamaíoch - nó timthriallacha eacnamaíocha borrtha agus cliste - molaimid stuamacht ó thaobh caiteachais phoiblí d’fhonn tacú le fás cobhsaí.”