Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

07 Aibreán 2017 Irish Category

istock-585479622

Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann (’an Banc Ceannais’) le déanaí go bhfuil seirbhísí infheistíochta agus/nó comhairle infheistíochta á dtairiscint nó á tairiscint ag gnólacht a thugann GMO Funds Plc, GMO IM Ltd, GMO Investment Management Plc, GMO Investment Management (Ireland) Limited agus/nó GMO Investment Management Limited air féin. Ta an gnólacht neamhúdaraithe seo ag feidhmiú mar ghnólacht infheistíochta sa Stát d’uireasa an údaraithe iomchuí. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí (ainm agus seoladh) GMO Funds plc agus GMO Investment Management Company (Ireland) Limited, dhá ghnólacht atá údaraithe agus rialáilte ag an mBanc Ceannais.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir GMO Funds plc nó GMO Investment Management Company (Ireland) Limited atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas neamhúdaraithe seo a bhfuil clónáil déanta aige ar a gcuid sonraí.

Is eol go raibh na suíomhanna gréasáin seo a leanas á n-úsaid ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo: gmofunds.com, gmoim.co.uk agus gmoinvestmentmanagement.com. Tá na huimhreacha gutháin seo a leanas á n-úsáid aige freisin: +353 1437 2494, +353 1437 2493, +44 208 088 9293 mar aon leis na seolta ríomhphoist seo: [email protected], [email protected], [email protected] agus [email protected]

Is cion coiriúil é ag gnólacht neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha.  Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.

Tá gnólachtaí neamhúdaraithe áirithe ann a théann i mbun na "mangaireachta fóin" nó a chuireann ríomhphoist chuig tomhaltóirí chun seirbhísí airgeadais a thairiscint dóibh (e.g. an deis chun scaireanna i gcuideachta eile a cheannach).  Is minic a bheidh clónáil déanta ag na gnólachtaí sin ar shonraí gnólachta údaraithe agus luafaidh siad uimhir "chláraithe/údaraithe", ar uimhir chláraithe/údaraithe de chuid eintitis údaraithe dhlisteanaigh í. Aon tomhaltóirí a ndearnadh mangaireacht fóin orthu, ar cuireadh ríomhphoist chucu agus ar tairiscíodh seirbhísí airgeadais dóibh, ba cheart dóibh seiceálacha breise a dhéanamh chun a chinntiú gur gnólacht údaraithe dlisteanach é an gnólacht a bhfuil siad ag plé leis.  Ba cheart do thomhaltóirí teagmháil a dhéanamh leis an údarás rialála atá luaite ag an ngnólacht mar an údarás rialála a thug údarú dó agus a chinntiú gurbh ionann na sonraí teagmhála atá ag an údarás rialála don ghnólacht sin agus na sonraí teagmhála a thug an gnólacht a rinne mangaireacht fóin orthu/a chuir ríomhphost chucu. 

Nótaí

Foilsítear ainm an ghnólachta neamhúdaraithe thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.