Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

01 Lúnasa 2017 Irish Category

Warning

Tháinig sé ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') le déanaí go raibh gnólacht a ghaireann Active Funds ICAV (www.activefunds.co.uk) de féin ag feidhmiú mar institiúid íocaíochta agus/nó mar ghnó tarchuir airgid sa Stát d'uireasa an údaraithe iomchuí. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí (ainm agus seoladh) gnólachta den ainm céanna atá údaraithe agus rialaithe ag an Banc Ceannais.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir Active Funds ICAV atá údaraithe ag an Banc Ceannais, agus an t-eintiteas neamhúdaraithe a rinne clónáil ar a chuid sonraí.

Is cion coiriúil é ag gnólacht infheistíochta seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn ar ina leith a cheanglófaí údarú ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.

Baineann calaoiseoirí úsáid go minic as sonraí gnólachtaí dlisteanacha chun cuma na dlisteanachta a chur ar a gcuid calaoise. Glacfaidh calaoiseoirí chucu féin faisnéis dhlisteanach de chuid gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh chun críocha na calaoise sin. Seans go luafaidh siad uimhreacha údarúcháin/cláruimhreacha cuideachtaí mar aon le naisc chuig suíomhanna gréasáin a bhfuil cuma na dlisteantachta orthu agus seans go luafaidh siad fíorsheoladh gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh. Iarrtar ar thomhaltóirí ár gclár a sheiceáil chun sonraí gnólachtaí a fhíorú agus glaoch a chur ar ais ar an ngnólacht ag baint úsáid as an uimhir ghutháin atá luaite. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh go dtí suíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.