Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

24 Iúil 2017 Irish Category

Warning

Tháinig sé ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') le déanaí go raibh gnólacht a ghaireann Baradero Global Transfer Limited (baraderoglotrans.tk) de féin ag feidhmiú mar institiúid íocaíochta agus/nó mar ghnó tarchuir airgid sa Stát d'uireasa an údaraithe iomchuí. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí (páirt den ainm (Baradero) agus seoladh cláraithe Éireannach) gnólachta dá ngairtear Baradero Limited, cuideachta atá cláraithe leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí in Éirinn (’CRO’) ach nach mbíonn ag déileáil le seirbhísí airgeadais.

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir Baradero Limited atá cláraithe leis an CRO, agus an t-eintiteas neamhúdaraithe, Baradero Global Transfer Limited (baraderoglotrans.tk), a rinne clónáil ar a chuid sonraí.

Is cion coiriúil é ag gnólacht infheistíochta seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn ar ina leith a cheanglófaí údarú ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí.

Baineann calaoiseoirí úsáid go minic as sonraí gnólachtaí dlisteanacha chun cuma na dlisteanachta a chur ar a gcuid calaoise. Glacfaidh calaoiseoirí chucu féin faisnéis dhlisteanach de chuid gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh chun críocha na calaoise sin. Seans go luafaidh siad uimhreacha údarúcháin/cláruimhreacha cuideachtaí mar aon le naisc chuig suíomhanna gréasáin a bhfuil cuma na dlisteantachta orthu agus seans go luafaidh siad fíorsheoladh gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh. Iarrtar ar thomhaltóirí ár gclár a sheiceáil chun sonraí gnólachtaí a fhíorú agus glaoch a chur ar ais ar an ngnólacht ag baint úsáid as an uimhir ghutháin atá luaite.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh go dtí suíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Nótaí

Foilsítear ainm an ghnólachta neamhúdaraithe thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.