Nuacht

Rabhadh tugtha ag an mBanc Ceannais maidir le sceamáil a dhíríonn ar thomhaltóirí a bhfuil iasachtaí airgid á lorg acu

25 Deireadh Fómhair 2023 Preas Ráiteas

D’eisigh Banc Ceannais na hÉireann rabhadh inniu maidir le sceamáil atá dírithe ar thomhaltóirí a bhfuil iasachtaí airgid á lorg acu ó sholáthraithe ar líne.

Tá sé tugtha faoi deara ag an mBanc Ceannais go bhfuil méadú ar chásanna ‘calaoise réamhtháille’[1] a dhíríonn ar thomhaltóirí de chuid soláthraithe creidmheasa ardchostais (dá ngairtear iasachtóirí airgid roimhe seo). Tá an sceamáil seo dírithe ar thomhaltóirí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar iasachtaí airgid. Tairgtear iasacht airgid dóibh má íocann siad réamhtháille nó táille riaracháin i leith an iarratais ar iasacht.

Ní cheadaítear do sholáthraithe creidmheasa ardchostais atá á rialáil ag an mBanc Ceannais táillí riaracháin a ghearradh i leith iarratais ar iasacht. Má tá tú ag déileáil le soláthraí creidmheasa ardchostais rialáilte, ní bheidh ort riamh réamhtháille a íoc sula bhfaighidh tú iasacht, ná ní bheidh ort táille a íoc chun an iasacht nó doiciméid iasachta a ‘scaoileadh’. Má iarrtar ort táille a íoc, níor chóir duit an soláthraí sin a úsáid mar is dócha gur sceamáil atá i gcest. Má thugann tú sonraí íocaíochta do na soláthraithe sin, tá an baol ann go gcaillfidh tú méideanna suntasacha airgid.

Deir an Stiúrthóir ar Chosaint Tomhaltóirí, Colm Kincaid, “Is sceamáil chealgach ar leith é calaois réamhtháille toisc go ndíríonn sé ar dhaoine a bhfuil creidmheas ardchostais á lorg acu, rud a úsáideann daoine uaireanta chun buiséad nó dúshláin airgeadais eile a bhainistiú.

Bí san airdeall ar aon ghnólacht a lorgaíonn réamhtháille uait. Tá rialacha i bhfeidhm a chiallaíonn nach féidir le haon soláthraí creidmheasa ardchostais dlisteanach táille riaracháin nó táille iarratais a ghearradh ort i leith iasachta. Má tá táille á gearradh ort, ba cheart duit deireadh láithreach a chur le haon teagmháil leis an ngnólacht sin.

“I gcásanna áirithe, bíonn clónáil déanta ar shuíomhanna gréasáin de chuid soláthraithe dlisteanacha. Dá bhrí sin, fiú i gcásanna nach ngearrtar aon táille, ba cheart duit ár gclár a sheiceáil chun a chinntiú go bhfuil tú ag déileáil le soláthraí atá rialáilte ag an mBanc Ceannais, agus ar an gcaoi sin beidh cosaintí agat.

“Beidh an Banc Ceannais airdeallach i gcónaí ó thaobh sceamálacha den sórt seo a aithint agus beidh sé ag obair i gcomhar leis an nGarda Síochána chun iad a chomhrac.”

Nótaí d'eagarthóirí

Is iad seo a leanas roinnt comharthaí rabhaidh ar shuíomh gréasáin soláthraí a thugann le fios gur dócha gur sceamáil atá i gceist: 

  • Ní shonraítear go bhfuil an soláthraí á rialáil ag Banc Ceannais na hÉireann.
  • Fógraítear ar an suíomh gréasáin go bhfuil iasachtaí tapa ar fáil chun brú a chur ort cinneadh sciobtha a dhéanamh.
  • Maítear nach mbeidh aon ‘seiceálacha creidmheasa’ i gceist nó go dtabharfar iasachtaí do dhaoine nach bhfuil stair chreidmheasa mhaith acu.

 


[1] Le calaois réamhtháille, áitítear ar dhaoine réamhtháille a íoc agus deirtear go bhfuil an táille sin de dhíth chun iasacht nó íocaíocht níos mó a scaoileadh.