Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Clónáil déanta ag eintiteas calaoiseach ar an ngnólacht údaraithe Northern Trust Global Services SE

31 Deireadh Fómhair 2023 Warning Notice

Warning

Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') go bhfuil gnólacht calaoiseach, Northern Trust Ireland (Clone), ag feidhmiú mar ghnólacht infheistíochta/ghnólacht gnó infheistíochta sa Stát in éagmais údarú iomchuí.  Sa chás seo, rinne an t-eintiteas calaoiseach clónáil ar ghnólacht dlisteanach atá údaraithe ag an mBanc Ceannais, d’fhonn dallamullóg a chur ar chustaiméirí. Chuir an t-eintiteas calaoiseach ríomhphost amach ina raibh sé ag áitiú ar thomhaltóirí infheistíocht a dhéanamh i gCuntas Taisce Ráta Shocraithe - Réamheolaire 2023 agus thairg sé Banna Corparáideach Ioncaim Shocraithe 2023- 2028. Tá an seoladh ríomhphoist [email protected] agus [email protected] á úsáid ag an eintiteas neamhúdaraithe seo.

Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar ainm agus ar sheoladh cláraithe an ghnólachta dhlisteanaigh, Northern Trust Global Services SE, atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an gnólacht neamhúdaraithe.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a geanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha.  Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ón Scéim um Chúiteamh d’Infheisteoirí. 

Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe.

 

Críoch

 

 

Nótaí d'eagarthóirí

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.