Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Clónáil déanta ag eintiteas calaoiseach ar an ngnólacht FNZ Europe DAC atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann

31 Deireadh Fómhair 2023 Warning Notice

Warning

Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') go bhfuil gnólacht calaoiseach a ghaireann “FNZ Europe” de féin, ag feidhmiú mar ghnólacht infheistíochta/ghnólacht gnó infheistíochta sa Stát in éagmais údarú iomchuí. Sa chás seo, rinne an t-eintiteas calaoiseach clónáil ar eintiteas dlisteanach atá údaraithe ag an mBanc Ceannais d’fhonn dallamullóg a chur ar thomhaltóirí.   

Bhí an suíomh gréasáin  www.fnzeurope.eu á oibriú ag an eintiteas sceamála agus bhí an seoladh ríomhphoist seo a leanas i measc na sonraí teagmhála a úsáideann an gnólacht neamhúdaraithe seo:

Tá clónáil déanta ag an eintiteas sceamála ar shonraí (ainm, seoladh agus sonraí cláraithe) gnólachta dhlisteanaigh atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus ní mór a chur san áireamh nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas sceamála a bhfuil clónáil déanta aige ar a chuid sonraí.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le heintiteas nach bhfuil údaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ó aon cheann de na Scéimeanna Cúitimh atá ar fáil. 

Baineann calaoiseoirí úsáid as sonraí gnólachtaí dlisteanacha chun cuma na dlisteanachta a chur ar a gcuid calaoise.  “Úsáidfidh” na calaoiseoirí faisnéis dhlisteanach uile de chuid gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh, nó roinnt den fhaisnéis sin, chun críocha na calaoise seo.  Seans go luafaidh siad uimhreacha údarúcháin/cláruimhreacha cuideachtaí mar aon le naisc chuig suíomhanna gréasáin a bhfuil cuma na dlisteantachta orthu agus seans go luafaidh siad fíorsheoladh gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh.  Iarrtar ar thomhaltóirí  ár gclár a sheiceáil chun sonraí gnólachtaí a fhíorú agus glaoch a chur ar ais ar an ngnólacht ag baint úsáid as an uimhir ghutháin atá luaite.  Déan cinnte go bhfaigheann tú rochtain ar an gclár trínár suíomh gréasáin seachas trí naisc i ríomhphoist nó ar shuíomh gréasáin gnólachta/duine.

Ba cheart do dhaoine bearta ginearálta áirithe a dhéanamh sula dtosaíonn siad ag plé le gnólachtaí/daoine a mhaíonn go dtairgeann siad seirbhísí airgeadais:

  • Má tá táirge airgeadais amhail iasacht, árachas, infheistíocht nó pinsean á cheannach agat, nó má tá tú ag baint úsáid as seirbhís airgeadais amhail comhairle infheistíochta, déan cinnte nach ndéileálann tú ach le gnólacht/duine atá údaraithe ag an mBanc Ceannais -  seiceáil ár gClár chun a fháil amach an bhfuil an gnólacht/duine údaraithe. Déan cinnte go bhfaigheann tú rochtain ar an gClár trínár suíomh gréasáin seachas trí naisc i ríomhphoist nó ar shuíomh gréasáin gnólachta/duine. 
  • Déan athsheiceáil i gcónaí ar an URL agus ar shonraí teagmhála gnólachta/duine ar fhaitíos gur ‘gnólacht/duine clónála’ atá ann ag ligean air gur gnólacht/duine údaraithe é, amhail do bhanc nó fíorghnólacht infheistíochta.
  • Seiceáil an liosta de ghnólachtaí neamhúdaraithe.  Mura bhfuil an gnólacht/duine ar an liosta, ná glac leis gur gnólacht/duine dlisteanach é - b’fhéidir nár tuairiscíodh don Bhanc Ceannais go fóill é.
  • Seiceáil go bhfuil an tseirbhís atá á tairiscint duit le fáil ar shuíomh gréasáin an ghnólachta dhlisteanaigh.
  • Má tá tá ag smaoineamh ar tháirge airgeadais a cheannach nó ar dhéileáil le gnólacht, trí shuíomh gréasáin nó trí na meáin shóisalta, nó má fhaigheann tú glao gutháin, ríomhphost, teachtaireacht téacs nó bosca aníos gan choinne ná iarraidh, déan tástáil SAFE roimh ré.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh go dtí Sceamálacha a Sheachaint & Gníomhaíocht Neamhúdaraithe ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Cuimhnigh le do thoil:

  • nach ndéanfaidh an Banc Ceannais teagmháil leat chun airgead, sonraí pearsanta nó uimhir PSP a lorg uait; agus
  • Má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil é.

Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 4000.  Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe.

 

Críoch

 

Nótaí d'eagarthóirí

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.