Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Clónáil déanta ag eintiteas calaoiseach ar an ngnólacht údaraithe J. P. Morgan Ireland

13 Deireadh Fómhair 2023 Warning Notice

Warning

13 Deireadh Fómhair 2023

Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') go bhfuil gnólacht calaoiseach, J P Morgan Private Bank, ag feidhmiú mar ghnólacht infheistíochta/ghnólacht gnó infheistíochta sa Stát in éagmais údarú iomchuí. Sa chás seo, rinne an t-eintiteas calaoiseach clónáil ar ghnólacht dlisteanach atá údaraithe ag an mBanc Ceannais d’fhonn dallamullóg a chur ar chustaiméirí.

Chuir an t-eintiteas calaoiseach ríomhphost amach ina raibh sé ag áitiú ar thomhaltóirí infheistíocht a dhéanamh in infheistíocht bhréagach le réamheolaire dar theideal: “J.P.Morgan Private Bank Fixed Rate Bonds - Prospectus 2023”. Is iad seo a leanas roinnt de na sonraí teagmhála atá ag an eintiteas neamhúdaraithe seo:

-          seoltaí ríomhphoist:

-          na huimhreacha gutháin:

  • +353 1 254 8100;
  • +353 1 614 8900; agus
  • +353 1 90 26 725.

Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar ainm agus ar sheoladh cláraithe an ghnólachta dhlisteanaigh, J.P. Morgan Ireland, atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an gnólacht neamhúdaraithe.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a geanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha.  Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ó aon cheann de na Scéimeanna Cúitimh atá ar fáil. 

Baineann calaoiseoirí úsáid as sonraí gnólachtaí dlisteanacha chun cuma na dlisteanachta a chur ar a gcuid calaoise.  Glacfaidh calaoiseoirí chucu féin faisnéis dhlisteanach de chuid gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh, nó roinnt den fhaisnéis sin, chun críocha na calaoise seo.  Seans go luafaidh siad uimhreacha údarúcháin/cláruimhreacha cuideachtaí mar aon le naisc chuig suíomhanna gréasáin a bhfuil cuma na dlisteantachta orthu agus seans go luafaidh siad fíorsheoladh gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh.  Iarrtar ar thomhaltóirí ár gclár a sheiceáil chun sonraí gnólachtaí a fhíorú agus glaoch a chur ar ais ar an ngnólacht ag baint úsáid as an uimhir ghutháin atá luaite.  Déan cinnte go bhfaigheann tú rochtain ar an gClár trínár suíomh gréasáin seachas trí naisc i ríomhphoist nó ar shuíomh gréasáin gnólachta/duine.

Ba cheart do dhaoine bearta breise áirithe a dhéanamh sula ndéileálann siad le gnólachtaí/daoine a mhaíonn go mbíonn seirbhísí airgeadais á dtairiscint acu: 

  • Déan athsheiceáil i gcónaí ar an URL agus ar shonraí teagmhála gnólachta/duine ar fhaitíos gur ‘gnólacht/duine clónála’ atá ann ag ligean air gur gnólacht/duine údaraithe é, amhail do bhanc nó fíorghnólacht infheistíochta.
  • Seiceáil an liosta de ghnólachtaí neamhúdaraithe.  Mura bhfuil an gnólacht/duine ar an liosta, ná glac leis gur gnólacht/duine dlisteanach é - b’fhéidir nár tuairiscíodh don Bhanc Ceannais go fóill é.
  • Seiceáil go bhfuil an tseirbhís atá á tairiscint duit le fáil ar shuíomh gréasáin an ghnólachta dhlisteanaigh.
  • Má tá tú ag smaoineamh ar tháirge airgeadais a cheannach nó ar dhéileáil le gnólacht, trí shuíomh gréasáin nó trí na meáin shóisalta, nó má fhaigheann tú glao gutháin, ríomhphost, teachtaireacht téacs nó bosca aníos gan choinne ná iarraidh, déan tástáil SAFE roimh ré.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh go dtí Sceamálacha a Sheachaint & Gníomhaíocht Neamhúdaraithe ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais. 

Cuimhnigh le do thoil:

-          nach ndéanfaidh an Banc Ceannais teagmháil leat chun airgead, sonraí pearsanta nó uimhir PSP a lorg uait; agus

-          má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil é.  

Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe.

 

Críoch

 

Nótaí d'eagarthóirí

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.