Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Commerzbank Europe (CLONE)

15 Márta 2024 News Categories

Warning

Rabhadh: Baincéir Neamhúdaraithe / Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Commerzbank Europe (CLONE)
Suíomh gréasáin www.commerz.ie
Tugtar faoi deara go dtabharfar chuig suíomh gréasáin an ghnólachta dhlisteanaigh tú, www.commerzbank.de/group/, má chliceálann tú ar an nasc suímh gréasáin.
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear +353 (0) 1 443 3354
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun gnó baincéireachta nó seirbhísí infheistíochta nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Tá an gnólacht neamhúdaraithe seo tar éis clónáil a dhéanamh ar shonraí (ainm nó cuid d’ainm) eintits atá údaraithe ag BAFIN agus pascheadaithe go hÉirinn, agus tá sé ag ligean air gur gnólacht dlisteanach,  Commerzbank AG, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an banc dlisteanach Gearmánach agus an gnólacht sceamála.
Ar na táirgí a thairgeann an t-eintiteas calaoiseach, áirítear na cinn seo a leanas:
Eisiúint Cuntais Ráta Shocraithe 199, 4.55%
·         Banna Státchiste Rialtas na hÉireann 5.40% Márta 2025
·         Banna Rialtas na hÉireann 5.72% Márta 2025
·         Banna Rialtas na hOstaire 6.25% Iúil 2027

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.