Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe –   Compare Deposit

03 Samhain 2023 Warning Notice

Warning

Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') go bhfuil eintiteas calaoiseach, Compare Deposit, a oibríonn an suíomh gréasáin www.compare-deposit.com, ag éileamh gur gnólacht infheistíochta/gnólacht gnó infheistíochta sa Stát é in éagmais údaruithe iomchuí.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a geanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha.  Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le heintiteas nach bhfuil údaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ó aon cheann de na Scéimeanna Cúitimh atá ar fáil. 

Ba cheart do dhaoine bearta breise áirithe a dhéanamh sula dtosaíonn siad ag plé le gnólachtaí/daoine a mhaíonn go dtairgeann siad seirbhísí airgeadais:

  • Déan athsheiceáil i gcónaí ar an URL agus ar shonraí teagmhála gnólachta/duine ar fhaitíos gur ‘gnólacht/duine clónála’ atá ann ag ligean air gur gnólacht/duine údaraithe é, amhail do bhanc nó fíorghnólacht infheistíochta.
  • Seiceáil an liosta de ghnólachtaí neamhúdaraithe.  Mura bhfuil an gnólacht/duine ar an liosta, ná glac leis gur gnólacht/duine dlisteanach é - b’fhéidir nár tuairiscíodh don Bhanc Ceannais go fóill é.
  • Seiceáil go bhfuil an tseirbhís atá á tairiscint duit le fáil ar shuíomh gréasáin an ghnólachta dhlisteanaigh.
  • Má tá tú ag smaoineamh ar tháirge airgeadais a cheannach nó ar dhéileáil le gnólacht, trí shuíomh gréasáin nó trí na meáin shóisalta, nó má fhaigheann tú glao gutháin, ríomhphost, teachtaireacht téacs nó bosca aníos gan choinne ná iarraidh, déan tástáil SAFE roimh ré.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh go dtí Sceamálacha & Gníomhaíocht Neamhúdaraithe a Sheachaint ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais. 

Cuimhnigh le do thoil:

-          nach ndéanfaidh an Banc Ceannais teagmháil leat chun airgead, sonraí pearsanta nó uimhir PSP a lorg uait; agus

-          Má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil é.  

Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 4000.  Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe.

 

Críoch

 

Nótaí d'eagarthóirí

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.