Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Daily Remit Ltd

31 Deireadh Fómhair 2023 Warning Notice

Warning

Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') go bhfuil gnólacht a ghaireann Daily Remit Ltd - www.daily-remit.com (Ireland/ Switzerland)  de féin ag feidhmiú mar institiúid íocaíochta agus/nó mar ghnó tarchutha airgid sa Stát d'uireasa údaruithe iomchuí. 

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in agus/nó ó Éirinn, ar seirbhísí iad a geanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha.  Tomhaltóirí a bhíonn ag plé le gnólacht neamhúdaraithe, ní bheidh siad i dteideal cúiteamh a fháil ó aon cheann de na Scéimeanna Cúitimh atá ar fáil. 

Baineann calaoiseoirí úsáid as sonraí gnólachtaí dlisteanacha chun cuma na dlisteanachta a chur ar a gcuid calaoise. Glacfaidh calaoiseoirí chucu féin faisnéis dhlisteanach de chuid gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh, nó roinnt den fhaisnéis sin, chun críocha na calaoise seo. Seans go luafaidh siad uimhreacha údarúcháin/cláruimhreacha cuideachtaí mar aon le naisc chuig suíomhanna gréasáin a bhfuil cuma na dlisteantachta orthu agus seans go luafaidh siad fíorsheoladh gnólachta údaraithe/dhlisteanaigh.  Iarrtar ar thomhaltóirí ár gclár a sheiceáil chun sonraí gnólachtaí a fhíorú agus glaoch a chur ar ais ar an ngnólacht ag baint úsáid as an uimhir ghutháin atá luaite.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh go dtí suíomh gréasáin an Bhainc Ceannais

Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe.

 

Críoch

 

 

Nótaí d'eagarthóirí

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.