Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Donegal Money

13 Deireadh Fómhair 2023 Warning Notice

Warning

13 Deireadh Fómhair 2023

Tá sé tagtha ar aird Bhanc Ceannais na hÉireann ('an Banc Ceannais') go bhfuil gnólacht calaoiseach, Donegal Money, ag feidhmiú mar Ghnólacht Creidmheasa Miondíola agus/nó mar Sholáthraí Creidmheasa Ardchostais sa Stát in éagmais údarú iomchuí. Tá iasachtaí fógartha ar a shuíomh gréasáin ag Donegal Money ach níl aon údarú aige ón mBanc Ceannais mar Ghnólacht Creidmheasa Miondíola. Is sampla de ‘chalaois réamhtháille’ é an sceamáil seo, áit ina n-iarrann Donegal Money táille íocaíochta láithrí sula gcuireann sé iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.

Tá an suíomh gréasáin https://arkfinanceltd.com/ á oibriú ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo agus úsáideann an gnólacht neamhúdaraithe na sonraí teagmhála seo a leanas: 

-          na seoltaí ríomhphoist:

-          an uimhir ghutháin: 083 4819980.

Tá liosta de na gnólachtaí neamhúdaraithe go léir arna bhfoilsiú go dtí seo le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais.

Is cion coiriúil é ag gnólacht/duine neamhúdaraithe seirbhísí airgeadais a sholáthar in Éirinn, ar seirbhísí iad a gceanglaítear údarú ina leith ón mBanc Ceannais faoin reachtaíocht ábhartha. Ba cheart do thomhaltóirí cláir an Bhainc Ceannais a sheiceáil ar líne chun a fháil amach an bhfuil an gnólacht/duine lena bhfuil siad ag plé údaraithe. Ba cheart do thomhaltóirí a bheith airdeallach ar fhógraí a thairgeann iasachtaí ó ghnólachtaí nó ó dhaoine neamhúdaraithe.

Ba cheart do dhaoine bearta ginearálta áirithe a dhéanamh sula ndéileálann siad le gnólachtaí/daoine a mhaíonn go bhfuil seirbhísí airgeadais á dtairiscint acu:

  • Má tá táirge airgeadais amhail iasacht, árachas, infheistíocht nó pinsean á cheannach agat, nó má tá tú ag baint úsáid as seirbhís airgeadais amhail comhairle infheistíochta, déan cinnte nach ndéileálann tú ach le gnólacht/duine atá údaraithe ag an mBanc Ceannais -  seiceáil ár gClár chun a fháil amach an bhfuil an gnólacht/duine údaraithe. Déan cinnte go bhfaigheann tú rochtain ar an gClár trínár suíomh gréasáin seachas trí naisc i ríomhphoist nó ar shuíomh gréasáin gnólachta/duine. 
  • Déan athsheiceáil i gcónaí ar an URL agus ar shonraí teagmhála gnólachta/duine ar fhaitíos gur ‘gnólacht/duine clónála’ atá ann ag ligean air gur gnólacht/duine údaraithe é, amhail do bhanc nó fíorghnólacht infheistíochta.
  • Seiceáil an liosta de ghnólachtaí neamhúdaraithe. Mura bhfuil an gnólacht/duine ar an liosta, ná glac leis gur gnólacht/duine dlisteanach é - b’fhéidir nár tuairiscíodh don Bhanc Ceannais go fóill é.
  • Seiceáil go bhfuil an tseirbhís atá á tairiscint duit le fáil ar shuíomh gréasáin an ghnólachta dhlisteanaigh.
  • Má tá tú ag smaoineamh ar tháirge airgeadais a cheannach nó ar dhéileáil le gnólacht, trí shuíomh gréasáin nó trí na meáin shóisalta, nó má fhaigheann tú glao gutháin, ríomhphost, teachtaireacht téacs nó bosca aníos gan choinne ná iarraidh, déan tástáil SAFE roimh ré.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh go dtí suíomh gréasáin an Bhainc Ceannais

Cuimhnigh le do thoil:

-          nach ndéanfaidh an Banc Ceannais teagmháil leat chun airgead, sonraí pearsanta nó uimhir PSP a lorg uait; agus

-          má thairgtear rud éigin duit a bhfuil cuma rómhaith air, is dóichí ná a mhalairt gur sceamáil é.  

Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 4000. Is féidir le daoine den phobal glaoch a chur ar an uimhir seo freisin chun a fháil amach an bhfuil gnólacht ar leith údaraithe.

 

Críoch

 

 

Nótaí d'eagarthóirí

Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.