Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – EBS (CLONE)

15 Márta 2024 News Categories

Warning

Rabhadh: Gnólacht Infheistíochta/Gnólacht Gnó Infheistíochta/Institiúid Chreidmheasa Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe EBS (CLONE)
Suíomh gréasáin N/B
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear +353 (0)1 270 7904
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí infheistíochta. Seirbhísí baincéireachta nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gur gnólacht dlisteanach, EBS DAC, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas sceamála.
Rinne an t-eintiteas calaoiseach teagmháil dhíreach le tomhaltóirí ar an nguthán agus leis an ríomhphost ag féachaint le táirgí infheistíochta bréige agus cuntais taisce bréige a dhíol, na cinn seo san áireamh:
1.       Bannaí téarma shocraithe 1 nó 2 bhliain 6.625%
2.       Cuntais taisce “EBS e-Saver”

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.