Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Galway Money

28 Feabhra 2024 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Galway Money
Suíomh gréasáin www.galwaymoney.com
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear
  • +353 86 387 6820
  • +353 83 416 6140
  • +353 83 481 9980
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit ina n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.
Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gur gnólacht dlisteanach, E&L Credit Limited, atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas calaoiseach seo.

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.