Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Mercer (Ireland) Limited (CLONE)

15 Márta 2024 News Categories

Warning

Rabhadh: Institiúid Chreidmheasa / Gnólacht Infheistíochta / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Mercer (Ireland) Limited (CLONE)
Suíomh gréasáin Níl aon cheann aitheanta
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear 01 649 8573
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun feidhmiú mar institiúid chreidmheasa nó chun seirbhísí infheistíochta nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí an ghnólachta dhlisteanaigh, Mercer (Ireland) Limited, agus tá sé ag ligean air féin gurb é an gnólacht dlisteanach sin é, d’fhonn an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht dlisteanach agus an t-eintiteas sceamála.
Déanann an gnólacht neamhúdaraithe teagmháil dhíreach le tomhaltóirí ar an nguthán agus leis an ríomhphost ag féachaint le táirgí infheistíochta bréige agus cuntais taisce téarma shocraithe bréige a dhíol, ag úsáid an doiciméid seo a leanas:
1.       Mercer-Investments.pdf

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.