Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Miller Finance Group

25 Eanáir 2024 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Miller Finance Group
Suíomh gréasáin https://www.millerfinances.com/
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Nóta: Bíonn an gnólacht ag oibriú ar Telegram freisin faoin ainm úsáideora loanteam1
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear ·         Uimhir theagmhála ar an suíomh gréasáin: 083 466 3924
·         WhatsApp: 086 800 6174
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Is sampla é an sceamáil seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit ina n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh.
Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gur E&L Credit Limited atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas calaoiseach seo.

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.