Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Shark Lenders

26 Márta 2024 News Categories

Warning

Rabhadh: Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe / Soláthraí Creidmheasa Ardchostais Neamhúdaraithe 
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Shark Lenders
Suíomh gréasáin www.Sharklenders.uk
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear 020-3289-8298
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola nó seirbhísí creidmheasa ardchostais nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Tá clónáil déanta ag an ngnólacht seo ar sheoladh agus ar chláruimhir eintitis atá údaraithe ag an Údarás um Iompar Airgeadais (FCA) sa Ríocht Aontaithe d’fhonn an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an FCA agus an gnólacht sceamála.

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.