Nuacht

Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe – Vantage Global Funds ICAV (CLONE)

07 Nollaig 2023 Warning Notice

Warning

Rabhadh: Gnólacht Infheistíochta / Gnólacht Gnó Infheistíochta / Gléas Éireannach um Chomhbhainistiú Sócmhainní Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe Vantage Global Funds ICAV (CLONE)
Suíomh gréasáin www.vantageglobalfundsicav.com
Seoladh/Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear [email protected]
Uimhir/Uimhreacha gutháin a úsáidtear +353 412150022
Údarú in Éirinn Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí infheistíochta nó aon seirbhísí airgeadais eile a chur ar fáil in Éirinn.
Faisnéis bhreise Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí gnólachta atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus tá sé ag ligean air gur Vantage Global Funds ICAV atá ann chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas sceamála seo.

 

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar sceamálacha airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi Alt 53 Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.