Nuacht

Ráiteas Caighdeánach Airgeadais Athbhreithnithe tugtha isteach chun cabhrú le hiasachtaithe atá in anás airgeadais

05 Eanáir 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • San athbhreithniú, tugadh chun suntais an chastacht a bhaineann leis an RCA a chomhlánú
  • Tá formáid leasaithe nua agus an fhoclaíocht simplithe agus níos áisiúla d’iasachtaithe
  • Treoir athbhreithnithe d’iasachtaithe foilsithe chun cabhrú le hiasachtaithe a RCA a chomhlánú

Inniu, d’fhoilsigh Banc Ceannais na hÉireann Ráiteas Caighdeánach Airgeadais (RCA) athbhreithnithe agus simplithe chun cabhrú le hiasachtaithe atá in anás airgeadais tar éis dó a Athbhreithniú ar an Ráiteas Caighdeánach Airgeadais a chur i gcrích, agus ní foláir do gach gnólacht rialáilte an RCA athbhreithnithe a úsáid ón 1 Eanáir 2022.

Baineann gnólachtaí rialáilte úsáid as an RCA chun faisnéis a bhailiú ó iasachtaithe anásta maidir lena staid airgeadais reatha. Tar éis é a chomhlánú, is féidir le hiasachtóir measúnú a dhéanamh i dtaobh an féidir leis socrú malartach aisíocaíochta a thairiscint d’iasachtaí.

Léirigh athbhreithniú 2021 ag an mBanc Ceannais ar an RCA gur doiciméad casta é lena chomhlánú ag iasachtaithe, agus go raibh roinnt iasachtaithe ag streachailt le fad an doiciméid agus go raibh deacracht acu an fhaisnéis is gá a thuiscint agus a bhailiú. Tá an RCA athbhreithnithe níos éasca le tuiscint agus le déileáil leis agus i bhfad níos giorra ná an leagan deiridh.

Chun cabhrú le hiasachtaithe an RCA a chomhlánú, tá Treoir do Thomhaltóirí á foilsiú ag an mBanc Ceannais inniu maidir leis an RCA a chomhlánú mar aon le hábhar treorach eile, dírithe ar thuiscint an iasachtaithe ar an RCA agus conas é a chomhlánú a fheabhsú.

Is príomhthosaíocht de chuid an Bhainc Ceannais é iasachtaithe atá i ngéarbhroid airgeadais a chosaint. Leis an gcreat rialála atá ann faoi láthair, cuirtear líon suntasach cosaintí agus tacaíochtaí ar fáil d’iasachtaithe atá i riaráistí morgáiste nó a bhfuil an céanna ag bagairt orthu. Maidir leis na rialacha sin, rinne an Banc Ceannais iad a athbhreithniú, a mholadh agus a neartú, nuair ba ghá sin, d’fhonn a chinntiú go leanfaidh an creat rialála de bheith oiriúnach don chuspóir agus go leanfaidh sé de thomhaltóirí a chosaint le linn dóibh a bheith ag plé lena bhforas airgeadais. Leis na leasuithe ar an RCA, feabhsófar na cosaintí sin tuilleadh.