Nuacht

Rates Finder - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe

05 Nollaig 2025 Warning Notice

Warning

Rabhadh:Gnólacht Infheistíochta Neamhúdaraithe / Gnólacht Gnó Infheistíochta Neamhúdaraithe
Ainm an Ghnólachta NeamhúdaraitheRates Finder
Suíomh gréasáinwww.ratesfinder.org 
Údarú in ÉirinnNíl Rates Finder údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar in Éirinn.
Faisnéis BhreiseIs sampla é an chamscéim infheistíochta seo de “chamscéim suímh gréasáin chomparáide”, áit a gcruthaíonn calaoiseoirí suíomh gréasáin a mhaíonn gur féidir leis cabhrú le tomhaltóirí táirgí infheistíochta nó coigiltis éagsúla a aimsiú agus comparáid a dhéanamh eatarthu. Tomhaltóirí ar mian leo infheistíocht a dhéanamh, cuireann siad a gcuid sonraí (i.e. sonraí teagmhála, méid le hinfheistiú, ráta toraidh inmhianaithe) isteach ar fhoirm ar líne agus déanann na calaoiseoirí teagmháil leo ina dhiaidh sin ar an nguthán nó leis an ríomhphost.

Nótaí:

  1. Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
  2. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
  3. Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.