Nuacht

Ráiteas Poiblí: An Príomh-Chlár Creidmheasa

21 Lúnasa 2023 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

Tá ráiteas poiblí á eisiúint ag Banc Ceannais na hÉireann inniu tar éis dó earráid chartlainne a shainaithint. Rinne an earráid seo difear do thréimhse choinneála roinnt faisnéise i dtuarascálacha creidmheasa iasachtaithe a bhí á gcoinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Mar thoradh ar an earráid seo, coinníodh faisnéis iasachtaithe áirithe ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse bhreise suas le trí mhí, agus bhí an fhaisnéis sin ar áireamh i dtuarascálacha creidmheasa nuair nár chóir di a bheith. Is ionann an earráid seo agus sárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí. Ba mhaith linn a shonrú nár cuireadh as do shonraí na n-iasachtaithe ná ní dhearnadh í a rochtain ag aon tríú páirtithe neamhúdaraithe de thoradh na hearráide seo.

Tá Banc Ceannais na hÉireann freagrach as an bPríomh-Chlár Creidmheasa a oibriú faoin Acht um Thuairisciú Creidmheasa 2013. Is bunachar sonraí é an Príomh-Chlár Creidmheasa ina stóráiltear faisnéis phearsanta agus chreidmheasa a bhaineann le hiasachtaí €500 nó níos mó. Rinne an Banc Ceannais conradh le CRIF Ireland Ltd. chun an Príomh-Chlár Creidmheasa a oibriú ar a shon.

Gach mí, cuireann iasachtóirí sonraí feidhmíochta íocaíochta i ndáil le hiasachtaithe chuig an bPríomh-Chlár Creidmheasa, lena n-áirítear faisnéis i dtaobh an ndearnadh nó nach ndearnadh íocaíochtaí i leith comhaontuithe creidmheasa amhail iasachtaí, rótharraingtí, cártaí creidmheasa agus morgáistí. Tá an Príomh-Chlár Creidmheasa ceaptha an fhaisnéis sin a choinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa go ceann tréimhse cúig bliana ar a mhéad, agus ina dhiaidh sin, scriostar aon sonraí is sine ná cúig bliana trí phróiseas uathoibrithe.

Tar éis fiosrú ó dhuine den phobal ar an 3 Lúnasa 2023, tuigeadh don Bhanc Ceannais nár scriosadh sonraí stairiúla maidir le feidhmíocht iocaíochta do mhí Bealtaine, do mhí an Mheithimh agus do mhí Iúil 2018 mar a bhí sceidealta. Tharla sé seo de bharr earráid theicniúil a rinne difear don phróiseas uathoibrithe lena ndéantar taifid stairiúla ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa a scriosadh. 

Mar thoradh ar an earráid seo, bhí faisnéise bhreise as dáta ó na trí mhí sin ar fáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa lena háireamh i dtuarascálacha creidmheasa a eisíodh chuig iasachtaithe agus iasachtóirí le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh go dtí an 7 Lúnasa 2023. Cé go raibh an fhaisnéis sin cruinn, níor chóir faisnéis a bhain leis na trí mhí sa bhreis sin a bheith curtha ar fáil agus ba shárú é seo faoin reachtaíocht um chosaint sonraí. 

Gabhann an Banc Ceannais leithscéal as an earráid seo agus deimhníonn sé go ndearnadh bearta láithreacha chun í a réiteach. Cuireadh tús le bearta leasúcháin ar an 4 Lúnasa agus réitíodh an earráid ina hiomláine faoin 7 Lúnasa 2023. Ón dáta sin ar aghaidh bhí an tréimhse choinneála cheart, is é sin cúig bliana, á léiriú sa bhunachar sonraí. Tá an Príomh-Chlár Creidmheasa ag oibriú mar is ceart anois agus ní thaispeántar aon fhaisnéis bhreise sna tuarascálacha creidmheasa atá curtha ar fáil ón dáta sin ar aghaidh. Ina theannta sin, tá tús curtha againn le himscrúdú chun cuntas iomlán a thabhairt ar an gceist agus tá sé i gceist againn athbhreithniú níos leithne a dhéanamh ar phróisis ábhartha agus nósanna imeachta an Phríomh-Chláir Creidmheasa. 

San imscrúdú atá ar siúl againn, tá sé i gceist againn a shuíomh an raibh iarmhairt ag an teagmhas ar iasachtaithe.  D’fhéadfadh iarmhairt a bheith ar iasachtaithe i gcás ina mbeadh faisnéis maidir le feidhmíocht iasachta coinnithe ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa le linn mhí Bealtaine, mhí an Mheithimh agus mhí Iúil 2018, rud a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar chinntí iasachtóirí chun creidmheas nua a thabhairt nó ar chinntí iasachtaithe chun creidmheas nua a iarraidh. D’fhéadfadh sé seo tarlú (i) i gcás ina dtabharfadh na taifid le tuiscint go raibh deacrachtaí aisíocaíochta ann le linn na dtrí mhí sa bhreis sin; agus (ii) i gcás inar lorg iasachtóirí nó iasachtaithe na taifid sin i rith na tréimhse ón 1 Meitheamh agus 7 Lúnasa 2023.  

In imscrúdú an Bhainc Ceannais, suíodh an méid seo a leanas: as 476,000 fiosrú a rinne iasachtóirí nó iasachtaithe ar fhaisnéis a bhí á coinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa i rith na tréimhse ón 1 Meitheamh agus 7 Lúnasa 2023, bhí sonraí feidhmíochta i dtaifid de chuid 20,500 iasachtaí inar tugadh le tuiscint go raibh deacrachtaí aisíocaíochta i gceist. 

Ní mór a chur san áireamh gurb í an fhaisnéis a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa ceann d’iliomad tosca a chuireann iasachtóirí san áireamh nuair a bhíonn cinntí creidmheasa á ndéanamh acu i dtaobh iasacht a cheadú. Ina theannta sin, fiú i gcás ina raibh iarratas ar fhaisnéis ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa déanta ag iasachtóirí, ní hionann sin is a rá gur bhain na hiasachtóirí úsáid as na píosaí sonracha faisnéise sin chun cinntí creidmheasa a dhéanamh.  Mar shampla, san anailís atá déanta ag an mBanc Ceannais go dtí seo, suíodh gur tugadh le fios i gcion suntasach de na taifid a bhain le 20,500 iasachtaí go raibh deacrachtaí feidhmíochta i gceist sna míonna tar éis mhí Bealtaine, mhí an Mheithimh agus mhí Iúil 2018. Ag an bpointe seo, mar sin, níl an Banc Ceannais ábalta a chinneadh go beacht a mhéid a rinne an teagmhas seo dochar d’iarratais ar chreidmheas. 

Tá ár n-imscrúdú ar an iarmhairt ionchasach ar na hiasachtaithe seo fós ar siúl. Táimid i dteagmháil le hiasachtóirí maidir leis an teagmhas agus chun a shuíomh an raibh aon tionchar ag an bhfaisnéis chreidmheasa stairiúil seo a bhí ar fáil ar feadh na dtrí mhí bhreise ar a gcuid cinntí iasachtaithe. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas a mheas an raibh aon iarmhairt ag an teagmhas ar iasachtaithe ionchasacha sa tréimhse ón 1 Meitheamh go dtí an 7 Lúnasa 2023. A luaithe a bheidh léargas níos soiléire againn ar chineál agus ar fhairsinge na n-iarmhairtí ar iasachtaithe, déanfaidh an Banc Ceannais teagmháil dhíreach leo siúd ar dócha go ndearnadh difear dóibh. 

Is féidir le hiasachtaithe cóip dá dtuarascáil chreidmheasa a iarraidh ar  shuíomh gréasáin an Phríomh-Chláir Creidmheasa.  Iasachtaithe ar bhain saincheisteanna feidhmíochta iasachta dóibh sa tréimhse trí mhí sin in 2018 agus a rinne iarratas ar chreidmheas le linn na tréimhse ón 1 Meitheamh go dtí an 7 Lúnasa 2023, féadfaidh gur mian leo teagmháil a dhéanamh leis an iasachtóir ábhartha freisin. 

I gcomhréir lenár n-oibleagáidí faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, chuir Banc Ceannais na hÉireann an Coimisiún um Chosaint Sonraí ar eolas faoin ní seo. Táimid fós ag plé leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí. 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi ina ndéanann an Príomh-Chlár Creidmheasa sonraí a phróiseáil ag http://www.centralcreditregister.ie/. Is féidir glaoch a chur ar ár líne chabhrach um theagmháil leis an bpobal ar 0818 681 681. Tá eolas ginearálta maidir le cearta um chosaint sonraí ar fáil ar www.dataprotection.ie.

Tabharfaimid tuilleadh eolais maidir leis an tsaincheist seo in am trátha.