Nuacht

Ráiteas Poiblí: Eolas is déanaí maidir leis an earráid ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa

13 Deireadh Fómhair 2023 Preas Ráiteas

 

D’eisigh Banc Ceannais na hÉireann ráiteas poiblí an 21 Lúnasa 2023 maidir le hearráid chartlainne a rinne difear do thréimhse choinneála roinnt faisnéise i dtuarascálacha creidmheasa atá á gcoinneáil ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa. Tá tuairisc chun dáta á thabhairt ag an mBanc Ceannais inniu (13 Deireadh Fómhair 2023) ar an ábhar seo.

Mar a cuireadh in iúl cheana féin, coinníodh faisnéis iasachtaithe áirithe ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar feadh tréimhse bhreise suas le trí mhí, agus bhí an fhaisnéis sin ar fáil lena háireamh i dtuarascálacha creidmheasa ón 1 Meitheamh go dtí an 7 Lúnasa 2023. Cé go raibh an fhaisnéis sin cruinn, níor chóir í a choinneáil ná níor chóir í a áireamh i dtuarascálacha creidmheasa le linn na tréimhse sin. Is ionann é seo agus sárú ar an reachtaíocht um chosaint sonraí.

Díríodh aird an Bhainc Ceannais ar an earráid seo ag duine den phobal ar an 3 Lúnasa. Réitíodh an earráid ina hiomláine faoin 7 Lúnasa 2023, agus ón dáta sin ar aghaidh bhí an tréimhse choinneála cheart, is é sin cúig bliana, á léiriú sa bhunachar sonraí. Ní raibh aon fhaisnéis bhreise san áireamh i dtuarascálacha creidmheasa arna gcur ar fáil ón 7 Lúnasa 2023. 

A luaithe a ceartaíodh an earráid, bhí an Banc Ceannais i mbun fiosruithe chun a fháil amach an raibh iarmhairt ag an teagmhas seo ar iasachtaithe. D’fhéadfadh iarmhairt a bheith ar iasachtaithe dá mbeadh faisnéis maidir le feidhmíocht iasachta coinnithe ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa ar feadh na dtrí mhí bhreise sin, rud a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a imirt ar chinntí iasachtóirí chun creidmheas nua a thabhairt nó ar chinntí iasachtaithe chun creidmheas nua a lorg.

Toisc gurb í an fhaisnéis a choinnítear ar an bPríomh-Chlár Creidmheasa ceann d’iliomad tosca a chuireann iasachtóiri san áireamh nuair a bhíonn cinntí creidmheasa á ndéanamh acu, ba phróiseas casta é iarmhairt na hearráide seo a mheasúnú. Ní hé an Príomh-Chlár Creidmheasa a dhéanann cinneadh i dtaobh iasacht a cheadú nó a dhiúltú - is iad na hiasachtóirí a dhéanann an cinneadh sin. Ní thugann an Príomh-Chlár Creidmheasa scór creidmheasa. Mar chuid dár measúnú ar an iarmhairt a bhí ag an teagmhas seo, bhí rannpháirtíocht fhorleathan againn le 270 iasachtóir chun a fháil amach an raibh tionchar ag an bhfaisnéis bhreise chreidmheasa seo ar a gcuid cinntí creidmheasa agus, má bhí, cén chaoi a raibh tionchar aici orthu.

Go dtí seo, tá an méid seo a leanas suite le himscrúdú an Bhainc Ceannais:

  • Rinneadh 20,872 taifead de chuid iasachtaithe a rochtain ag iasachtóirí nó iasachtaithe, ar taifead iad a bhain le hiasachtaithe a raibh sonraí feidhmíochta acu a thug le tuiscint go raibh deacrachtaí aisíocaíochta acu i mí Bealtaine, mí an Mheithimh nó i mí Iúil 2018 (na trí mhí a bhí le scriosadh).
  • Bhain na hiasachtaithe seo le 31,013 fiosrú ó iasachtóirí (mar iasachtaithe a raibh níos mó ná iarratas amháin ar chreidmheas déanata acu). As an méid sin:
  • Tá sé deimhnithe ag iasachtóirí nach raibh aon tionchar ag na sonraí breise ar a gcinntí creidmheasa i gcás 30,963 fiosrú creidmheasa. Is iomaí cúis nach raibh aon tionchar acu amhlaidh, lena n-áirítear beartas iasachtaithe an iasachtóra féin agus an tréimhse ama a chuireann sé san áireamh.
  • I gcás 9 bhfiosrú, tá sé deimhnithe ag iasachtóirí go raibh na sonraí breise i measc na dtosca a d’imir tionchar ar a gcinntí creidmheasa. Bhain na fiosruithe sin le hiasachtaí pearsanta agus le táirgí cárta creidmheasa.
  • I gcás 41 fiosrú, níl sé deimhnithe ag iasachtóirí go fóill go raibh aon iarmhairt ag na sonraí breise ar a gcinntí. Leanann an Banc Ceannais den rannpháirtíocht le hiasachtóirí i ndáil leis an dream sin.
  • Fuair 820 iasachtaí rochtain ar a dtuarascálacha creidmheasa féin ina raibh faisnéis a thug le tuiscint go raibh deacrachtaí aisíocaíochta acu le linn na dtrí mhí bhreise. I gcás roinnt de na hiasachtaithe sin, fuair iasachtóirí rochtain ar a gcuid taifead mar a chuirtear in iúl thuas.

Tá próiseas cumarsáide céimnithe faoi lán seoil agus scríobh an Banc Ceannais chuig na hiasachtaithe sin ar ina leith a bhí an baol ba mhó mó ann go ndéanfadh an earráid difear dóibh.  Rinneadh teagmháil leis na hiasachtaithe go léir ar dheimhnigh ag na hiasachtóirí ina leith go raibh tionchar ag na sonraí breise ar a gcuid cinntí creidmheasa. Bhí rannpháirtíocht ag an mBanc Ceannais leis na hiasachtóirí chun a chinntiú go raibh pointe teagmhála ann le haghaidh iasachtaithe i gcás inar mhian leo iarratas roimhe seo nó athiarratas ar chreidmheas a phlé. Ina theannta sin, tá sé deimhnithe ag na hiasachtóirí nach mbeidh aon tionchar ag an bhfaisnéis bhreise a fuarthas roimhe seo ar aon iarratais nua.

I bhfianaise an teagmhais seo agus d’fhonn na rialuithe sa réimse seo a neartú, tá an Banc Ceannais ag tabhairt faoi athbhreithniú seachtrach níos leithne ar na rialuithe um bainistíocht agus um chosaint sonraí atá i bhfeidhm i leith oibriú an Phríomh-Chláir Creidmheasa.

Bhí rannpháirtíocht ag an mBanc Ceannais leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí le linn an teagmhais seo. Tá fógra faighte againn ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí go bhfuil tús curtha le Fiosrúchán maidir leis an sárú seo. Bíonn aird ag an mBanc Ceannais ar a chuid oibleagáidí um chosaint sonraí agus leanfaidh sé dá rannpháirtíocht leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí maidir leis na hábhair seo.

Dúirt Vasileios Madouros, Leas-Ghobharnóir, Cobhsaíocht Airgeadaíochta agus Airgeadais: “Is oth le Banc Ceannais na hÉireann gur tharla an earráid seo agus gabhann sé leithsceál aisti. Cé go bhfuil raon rialuithe i bhfeidhm maidir le hoibriú an Phríomh-Chláir Creidmheasa is léir nach rabhadar leordhóthanach chun an teagmhas áirithe seo a sheachaint. Mar gheall air seo, theip orainn ár gcuid caighdeán féin a chomhlíonadh agus tá bearta láithreacha curtha chun feidhme againn chun a chinntiú nach dtarlóidh an earráid seo arís. Chomh maith leis sin, tá athbhreithniú seachtrach níos leithne á sheoladh againn ar na rialuithe um bainistíocht agus um chosaint sonraí atá i bhfeidhm maidir le hoibriú an Phríomh-Chláir Creidmheasa.  Is seirbhís riachtanach é an Príomh-Chlár Creidmheasa lena n-éascaítear cinntí creidmheasa níos fearr ag iasachtaithe agus ag iasachtóirí, agus tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaimid na caighdeáin is airde agus é á oibriú againn. Leanfaimid den lán-rannpháirtíocht leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.” 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir leis an gcaoi ina ndéanann an Príomh-Chlár Creidmheasa sonraí a phróiseáil ag http://www.centralcreditregister.ie/. Is féidir glaoch a chur ar ár líne chabhrach um theagmháil leis an bpobal ar 0818 681 681. Is féidir le hiasachtaithe cóip dá dtuarascáil chreidmheasa a iarraidh ar shuíomh gréasáin an Phríomh-Chláir Creidmheasa.