Nuacht

Scéim Teanga an Bhainc Ceannais daingnithe ag an Aire Seán Kyne T.D.

08 Aibreán 2019 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Tá Scéim Teanga 2019-2022, an tríú Scéim Teanga de chuid an Bhainc Ceannais, daingnithe ag an Aire Seán Kyne le cur i bhfeidhm inniu an 8 Aibreán 2019.
  • Leagtar amach sa Scéim na céimeanna a ghlacfaidh an Banc Ceannais d’fhonn réimse a sheirbhísí Gaeilge, agus soláthar na seirbhísí sin, a chur chun cinn.

Scéim Teanga 2019-2022, an tríú Scéim Teanga de chuid an Bhainc Ceannais, daingnithe ag an Aire Seán Kyne T.D., an tAire Stáit sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuirfear tús léi amhail ón 8 Aibreán 2019 agus fanfaidh sí i bhfeidhm go ceann tréimhse 3 bliana ón dáta sin nó go dtí go ndaingneofar scéim nua, cibé ceann is déanaí. Leagtar amach sa Scéim na bearta a ghlacfaidh an Banc Ceannais sna trí bliana atá romhainn d’fhonn réimse a sheirbhísí Gaeilge, agus soláthar na seirbhísí sin, a chur chun cinn.

Mar chuid den Scéim nua, ta gealltanas tugtha ag an mBanc Ceannais ar a laghad 40 faoin gcéad dár mínithe do thomhaltóirí a fhoilsiú i nGaeilge le linn thréimhse na Scéime. Cuirfimid ár nGnáthamh chun Déileáil le Gearáin ar fáil i nGaeilge ar líne freisin. Maidir le cainéil faisnéise nárbh ann dóibh ag tús thréimhse an dara Scéim, amhail suíomh gréasáin nua an Bhainc Ceannais, suíomh gréasáin na mBonn Inbhailithe agus suíomh gréasáin an Phríomh-Chláir Creidmheasa, beidh feidhmíocht dhátheangach agus ábhar Gaeilge fós ann sna cainéil sin.

Is bearta sa bhreis iad sin ar na seirbhísí a cheanglaítear faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Tá an Scéim Teanga ar fáil anseo.