Nuacht
Seaconview Designated Activity Company (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
15 Deireadh Fómhair 2025
Warning Notice

Rabhadh: | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe |
Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Seaconview Designated Activity Company (Clón) |
Suíomh gréasáin | https://seaconviewdesignatedactivitycompany.com/ |
Uimhreacha gutháin a úsáidtear | - +44 2897 032013
- +353 89 985 5958
|
Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
Údarú in Éirinn | Níl an gnólacht seo údaraithe chun seirbhísí Creidmheasa Miondíola a sholáthar in Éirinn. |
Faisnéis Bhreise | Is sampla é an chamscéim seo de ‘chalaois réamhtháille’, áit a n-iarrtar íocaíocht láithreach sula gcuirtear iasacht ar fáil. Ní chuirtear na hiasachtaí ar fáil riamh. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe seo ar shonraí (ainm, seoladh, uimhir LEI agus cláruimhir) gnólachta atá údaraithe ag Banc Ceannais na hÉireann agus tá sé ag ligean air féin gurb é gnólacht dlisteanach, Seaconview DAC (CBI00144391), é chun an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an t-eintiteas camscéime seo. |
Tuilleadh Faisnéise | Tá an uimhir ghutháin chéanna ag an eintiteas seo agus atá ag eintiteas calaoiseach eile a mhaíonn go dtairgeann sé creidmheas miondíola in Éirinn gan údarú ó Bhanc Ceannais na hÉireann. D’eisigh Banc Ceannais na hÉireann fógra rabhaidh maidir leis an eintiteas calaoiseach seo: ABR Chesapeake Ireland IV plc (Márta 2025) |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.