Nuacht
Shamrock Lend (Clón) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
10 Aibreán 2026
Warning Notice

| Rabhadh | Gnólacht Creidmheasa Miondíola Neamhúdaraithe |
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | Shamrock Lend (Clón) |
| Suíomh gréasáin | Shamrocklend.com |
| Seoladh ríomhphoist a úsáidtear | [email protected] |
| Uimhreacha gutháin a úsáidtear | - 083 187 5313
- 083 207 7945
- 083 188 4377
- 089 946 0081
- 083 208 8945
|
| Údarú in Éirinn | Níl Shamrock Lend údaraithe chun seirbhísí creidmheasa miondíola a sholáthar in Éirinn.
|
| Faisnéis Bhreise | Tá clónáil déanta ag an nGnólacht Neamhúdaraithe ar ainm, ar chláruimhir agus ar sheoladh an Ghnólachta Dhlisteanaigh, Premium Credit Limited (C35798), d’fhonn an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil ceangal ar bith idir an gnólacht atá údaraithe ag an mBanc Ceannais agus an Gnólacht Neamhúdaraithe. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.