Nuacht
SMH Markets (CLÓN) - Rabhadh ó Bhanc Ceannais na hÉireann maidir le Gnólacht Neamhúdaraithe
17 Meitheamh 2026
Warning Notice

| Rabhadh: | Gnólacht Infheistíochta / Gnólacht Gnó Infheistíochta / Soláthraí Seirbhísí Cripteashócmhainní Neamhúdaraithe |
| Ainm an Ghnólachta Neamhúdaraithe | SMH Markets (Clón) |
| Suíomh gréasáin | https://smh-markets.com/ |
| Seoltaí ríomhphoist a úsáidtear | |
| Uimhir ghutháin a úsáidtear | • +1 6479481664 • +1 787 945 2353 • +35315314800 |
| Údarú in Éirinn | Níl SMH Markets údaraithe chun seirbhísí infheistíochta a sholáthar in Éirinn. Tá clónáil déanta ag an ngnólacht neamhúdaraithe ar shonraí gnólachta údaraithe chun a ligean air féin gur gnólacht dlisteanach é d’fhonn an dallamullóg a chur ar thomhaltóirí. Níl ceangal ar bith idir an gnólacht dlisteanach agus an gnólacht neamhúdaraithe. |
Nótaí:
- Aon duine ar mian leo faisnéis maidir le gnólachtaí/daoine den sórt sin a thabhairt don Bhanc Ceannais, féadfaidh siad glaoch a chur ar (01) 224 5800 nó gnólacht neamhúdaraithe a thuairisciú go díreach don Bhanc Ceannais.
- Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le conas is féidir leat tú féin a chosaint ar chamscéimeanna airgeadais, téigh chuig www.centralbank.ie/sceamalacha
- Foilsítear ainm an ghnólachta thuasluaite faoi alt 53 d’Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú) 2013.