Nuacht

Tá ról ríthábhachtach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide i ngeilleagar na hÉireann agus beidh siad lárnach i dtéarnamh eacnamaíoch na hÉireann - Leas-Ghobharnóir, Ed Sibley

04 Samhain 2020 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • D'ainneoin idirghabhálacha fioscacha agus airgeadaíochta nach bhfacthas riamh cheana chun tionchar na paindéime a mhaolú, tá FBManna ag oibriú faoi láthair i dtimpeallacht chrua a mbaineann éiginnteacht mhór léi.
  • Tá an Banc Ceannais ag iarraidh a chinntiú go bhfuil tacaíochtaí cuí ar fáil do FBManna agus tá sé ag súil go dtabharfaidh iasachtóirí tacaíochtaí saincheaptha ar bhonn aonair do FBManna, lena n-áirítear tacaíochtaí eatramhacha más dóigh gur tionchar sealadach a bheidh ann chomh maith le réitigh níos buaine nuair is cuí.
  • Chomh maith le tionchar COVID-19, ní mór do FBManna dul i ngleic le rioscaí agus dúshláin a bhaineann le deireadh idirthréimhse Brexit.

Ag labhairt dó ag Seimineár Gréasáin Chomhlachas na nGnólachtaí Beaga inniu , leag Leas-Ghobharnóir an Bhainc Ceannais, Ed Sibley, béim ar an ról ríthábhachtach atá ag gnólachtaí beaga agus meánmhéide i ngeilleagar na hÉireann. Leag sé amach tuairimí an Bhainc Ceannais maidir le tionchar na paindéime ar na gnólachtaí sin, lena n-áirítear:

  • Tá brú suntasach airgeadais ag bagairt ar FBManna le linn na paindéime reatha i gcomórtas le gnólachtaí níos mó agus le teaghlaigh
  • Ba mhór an turraing a bhí ann do láimhdeachas FBManna agus tá dúshláin shuntasacha ann i dtaobh sreabhadh airgid i roinnt earnálacha dá bharr
  • Tá teacht fós ag an gcuid is mó de na FBManna ar mhaoiniú ach tá laghdú tagtha ar iasachtú nua
  • Tá dúshláin níos mó i gceist do FBManna nach bhfuil caidreamh reatha baincéireachta acu nó a bhfuil fiachas níos mó acu
  • Leis sosanna ó íocaíochtaí a thairg iasachtóirí ar fud an chórais, tugadh faoiseamh tábhachtach do go leor FBManna agus tá réitigh shaincheaptha ar bhonn aonair de dhíth anois ó iasachtóirí ar leith.
  • Fadhb mhór atá ann do roinnt FBManna an méid a chlúdaíonn a bpolasaithe árachais an dochar atá déanta ag COVID-19 dá ngnó.

D'ainneoin athléimneacht staid airgeadais FBManna na hÉireann roimh an bpaindéim, phléigh an tUasal Sibley an brú mór atá ar na gnólachtaí sin i láthair na huaire, "Measaimid go mbeidh caillteanais oibríochta chomhlána idir €10.3 agus €11.7 billiún i gceist san earnáil FBM don tréimhse naoi mí go dtí deireadh na bliana. Tá cuid de na hearnálacha a bhfuil an líon is mó fiacha bainc nó na rátaí mainneachtana is mó acu níos leochailí i dtaobh thionchar mór COVID-19.

Leis na sosanna ó íocaíochtaí ar fud an chórais, tugadh faoiseamh tábhachtach láithreach do FBManna go luath sa phaindéim agus bhí breis is 11,000 iasacht FBM nó 21% d'iasachtaí FBM na hÉireann gan íoc fós ar sos gníomhach ó íocaíochtaí ag tús mhí Dheireadh Fómhair. De réir mar a thagann deireadh leis na sosanna ó íocaíochtaí seo, dúirt an tUasal Sibley "Tá tacaíocht iasachtóra d'iasachtaithe ag gluaiseacht ó chur chuige ar fud an chórais, is é sin na moratóirí ar íocaíochtaí a oireann do gach cás, chuig cur chuige ar bhonn aonair ina ndéanfar an tacaíocht sin a chur in oiriúint do riachtanais iasachtaí ar leith. Tá súil ag an mBanc Ceannais go mbeidh iasachtóirí ag obair le hiasachtaithe chun cuidiú leo tionchar na paindéime ar shreabhadh airgid reatha agus amach anseo a mheas agus chun tacaíochtaí eatramhacha a chur ar fáil i gcás ina meastar gur tionchar sealadach é an tionchar sin agus chun réitigh níos buaine a chur ar fáil i gcás ina mbeidh laghdú ábhartha tagtha ar an gcumas fiachas a sheirbhísiú."

Chomh maith leis na rioscaí atá ann do FBManna de bharr na paindéime, ní mór do ghnóthaí dul i ngleic le rioscaí agus le neamhchinnteacht a bhaineann le deireadh idirthréimhse Brexit. Dúirt an tUasal Sibley, "Is dócha nach mar a chéile í an idirghníomhaíocht ar fud na n-earnálacha éagsúla idir COVID-19 agus Brexit. I bhfianaise go bhfuil easnaimh mhóra i dtaobh éilimh ag baint d’earnálacha leochaileacha ar leith, ar nós seirbhísí turasóireachta, lóistín agus bia, d'fhéadfadh sé go bhfuil na caillteanais a bheadh á bhfulaingt acu de bharr Brexit tagtha chun cinn níos túisce mar gheall ar thionchar COVID-19. D'fhéadfadh sé nach amhlaidh atá an scéal i réimsí eile agus earnálacha mar agraibhia níos soghonta do na turraingí diúltacha níos mó mar gheall ar Brexit.

Dúirt an Leas-Ghobharnóir agus é ag smaoineamh ar na héifeachtaí níos fadtéarmaí a d'fhéadfadh a bheith ann de bharr na paindéime, "Ní heol dúinn na héifeachtaí láithreacha nó fadtéarmacha a bheidh ar iompar tomhaltóirí nó ar ghníomhaíocht eacnamaíoch; an damáiste a dhéanfar do chumas táirgthe an gheilleagair nó cé chomh tapa a thiocfaidh gníomhaíocht eacnamaíoch chuici féin arís. Tá a fhios againn áfach go mbeidh téarnamh eacnamaíoch ann nuair a thiocfaidh maolú ar an ngéarchéim sláinte trí shrianadh an víris. Beidh FBManna lárnach i dtéarnamh eacnamaíoch na hÉireann.

Nótaí