Nuacht
    
        Tugann taighde le fios nach dtuigeann tomhaltóirí céard a chumhdaítear faoi árachas giuirléide
    
    
        21 Nollaig 2017
        
            
                News Categories - Irish
            
    
    
 
 
    - Ní raibh
    sé i gceist ag formhór na dtomhaltóirí árachas ar ghiuirléidí amhail fóin
    chliste agus táibléid a cheannach go dtí gur tairgeadh dóibh é ag an
    díolphointe 
 
    - Níor thuig
    formhór na dtomhaltóirí céard go díreach a bhí cumhdaithe, agus seans go bhfuil
    roinnt tomhaltóirí ag íoc as cumhdach nach bhfuil de dhíth orthu 
 
    - Leis na
    tátail ón taighde seo, comhlánaítear athbhreithniú atá a dhéanamh ag an mBanc
    Ceannais ar ghnólachtaí
 
Tá tuarascáil taighde Consumer Experience of Purchasing Gadget
Insurance foilsithe ag an mBanc Ceannais.
Tugadh faoin taighde seo chun scrúdú a dhéanamh ar dhearcadh, iompar agus ar
thaithí tomhaltóirí le linn dóibh árachas a cheannach do ghiuirléidí amhail
fóin chliste agus táibléid.  Leis an
taighde seo, bhíothas ag féachaint freisin le tuiscint a shealbhú ar aon
laofachtaí iompraíochta agus le rioscaí féideartha sa réimse seo a
aithint.   
 
Ba
iad seo a leanas na tátail ón taighde: 
    - 
    
    Níor thuig formhór na
    dtomhaltóirí an cumhdach a bhí acu agus cheap siad go raibh níos mó cumhdaithe
    faoin árachas ná mar a bhí, agus seans go bhfuil roinnt tomhaltóirí ag íoc as cumhdach
    nach bhfuil de dhíth orthu. 
    
 
    - 
    
    Ní raibh sé i gceist ag
    formhór na dtomhaltóirí árachas giuirléide a cheannach go dtí gur tairgeadh
    dóibh é ag an díolphointe.
    
 
    - 
    
    Chuir
    tromlach suntasach de na tomhaltóirí sa ghrúpa fócais (is tomhaltóirí a rinne
    an ceannachán ar an láthair) in iúl gur díoladh an t-árachas giuirléide dóibh
    mar bhreiseán nuair a bhí giuirléid á ceannach acu, fón cliste nó ríomhaire
    glúine de ghnáth, agus bhí formhór na gceannachán árachais bunaithe ar mhínithe
    briathartha ón bhfoireann mhiondíola. 
    
 
    - 
    
    Ba mhinic
    a chosain rannpháirtithe sa ghrúpa fócais a gcinneadh chun árachas giuirléide a
    cheannach ar an mbonn gur ghlacadar leis gur chumhdaigh an t-árachas sin rudaí
    “bunúsacha” amhail deisiúcháin ghinearálta/athsholáthar agus deisiúcháin
    scáileáin gan aon chostas breise. 
    
 
Tar éis a thuilleadh ceistithe, ba léir gur bheag duine a
raibh cur amach acu ar shonraí na n-eisiamh agus an bharrachais a bhain leis an
bpolasaí. Shíl roinnt daoine go raibh téarmaí polasaithe áirithe éagórach
amhail barrachas ar mó a chostas ná costas na ndeisiúchán, cur i bhfeidhm
tréimhsí feithimh, gan cumhdach a bheith ar fáil do daoine faoi bhun 18 agus
srianta ar aois na giuirléide agus ar áit a ceannaithe. Léiríodh sa taighde
freisin nach raibh eolas ag na rannpháirtithe ar cheanglais a bhain le
teagmhais a thuairisciú do na Gardaí agus le teagmhais de sórt sin a
thuairisciú do na Gardaí laistigh de theorainneacha sonracha ama.
 
Thacaigh an suirbhé cainníochtúil leis na tátail sin mar a
leanas: 
 
    - 
    
    Thuairiscigh
    29% de na rannpháirtithe nach raibh eolas acu ar an gceanglas a bhain leis an
    ngoid/gcaillteanas a thuairisciú do na Gardaí; 
    
 
    - 
    
    Bhí 45%
    de na rannpháirtithe ag súil go mbeadh ‘caitheamh agus cuimilt’ cumhdaithe;
    agus 
    
 
    - 
    
    Bhí 77%
    de na rannpháirtithe ag súil go dtairgfí giuirléid nua dóibh i gcás inar ghá an
    ghiuirléid a athsholáthar. 
    
 
Tarraingítear aird freisin ar an méid seo a leanas sa
tuarascáil: 
 
    - 
    
    Bhí árachas giuirléide
    á shealbhú ag 12% de dhaoine fásta (440,000 tomhaltóir) (an tráth a rinneadh an
    taighde) agus is dócha go raibh sé á shealbhú ag suas le 24% de dhaoine fásta
    le dhá bhliain anuas;
    
 
    - 
    
    Mhainnigh 21% de na
    rannpáirithe polasaithe roimhe seo a chealú tar éis dóibh polasaí nua a thógáil
    amach - dá bhrí sin, bhí níos mó airgid á chaitheamh acu ar chumhdach nach
    raibh de dhíth orthu a thuilleadh.
    
 
Táthar ag baint úsáid as
tátail an taighde chun cigireacht théamach ar dhíolachán táirgí giuirléide a
chomhlánú i ndáil le ceanglais a bhaineann le maoirseacht agus rialachas
táirgí.  Foilseofar tátail na cigireachta téamaí sin in 2018. 
 
Mar a dúirt Derville
Rowland, an tArd-Stiúrthóir, Iompar Airgeadais: 
“Tar
éis dúinn anailís a dhéanamh ar an tsaincheist seo ó thaobh an tomhaltóra de,
táimid ag díriú anois ar ár gcigireacht ar ghnólachtaí a thabhairt chun críche
agus a chinntiú go gcosnaítear leas tomhaltóirí. 
Ó
tharla gur tharraing an taighde aird ar an míthuiscint a bhí ann ar chumhdach
polasaithe, ba cheart do thomhaltóirí a bhfuil sé ar intinn acu árachas giuirléide
a cheannach thar an Nollaig breithniú a dhéanamh ar na heisiaimh agus na
barrachais éagsúla agus a fháil amach an bhfuil siad ar áireamh ina bpolasaí
agus a chinntiú go bhfreastalaíonn an cumhdach ar a gcuid riachtanas”.
CRÍOCH