Nuacht

Tarraingíonn an tAthbhreithniú Macra-Airgeadais aird ar rioscaí domhanda agus intíre

14 Meitheamh 2017 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Éiginnteacht i réim maidir leis an ionchas eacnamaíoch domhanda
  • Is dócha go mbeidh iarmhairt dhiúltach, ábhartha ag Brexit ar gheilleagar na hÉireann sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon
  • Féichiúnas teaghlach ard i gcónaí, agus táthar leochaileach d’arduithe ar rátaí úis
  • Cé go bhfuil iasachtú nua ag méadú, tá forbairtí foriomlána creidmheasa maolaithe i gcónaí

Tá an chéad eagrán d’Athbhreithniú Macra-Airgeadais 2017 foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann. Tugann sé forbhreathnú ar staid reatha na timpeallachta macra-airgeadais in Éirinn. Is cúram tábhachtach don Bhanc Ceannais é faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí agus rioscaí macra-airgeadais. Is í aidhm na tuarascála seo cuidiú lenár bpríomhpháirtithe leasmhara - an pobal, rannpháirtithe margaidh airgeadais, agus údaráis náisiúnta agus idirnáisiúnta - chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar rioscaí airgeadais.

Luaitear sa tuarascáil go meastar go dtiocfaidh fás measartha ar an ngeilleagar domhanda in 2017 agus 2018. Ar na tosca is cúis leis an éiginnteacht faoi láthair, áirítear Brexit agus an fhéidearthacht go mbeidh athruithe beartais i gceist maidir le cáin agus trádáil idirnáisiúnta. Tá feabhas tagtha ar sheintimint an mhargaidh i dtaobh an staid airgeadais san Eoraip ach tá dúshláin thimthriallacha agus dúshláin struchtúracha ann i gcónaí san earnáil bainéireachta Eorpach, lena n-áirítear ardleibhéal iasachtaí neamhthuillmheacha ar chláir chomhardaithe na mbanc agus an gá le foinsí brabúis a éagsúlú agus ró-acmhainneacht a laghdú.

Is rioscaí ar an taobh thíos iad na rioscaí don fhás réamh-mheasta aschuir i ngeilleagar na hÉireann. Is dócha go mbeidh iarmhairt dhiúltach, ábhartha ag Brexit ar gheilleagar na hÉireann sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon. Go dtí seo, bhí éifeachtaí Brexit le brath go príomha i ndímheas an phuint steirling in aghaidh an euro. D’fhéadfadh go mbeadh éifeacht dhíobhálach ar gheilleagar na hÉireann ag éifeachtaí rátaí malairte, ag athruithe ar éileamh ón Ríocht Aontaithe, agus ag aon constaicí nua ar thrádáil a eascróidh as Brexit, mar aon le hathruithe ar shocruithe maidir le cáin agus trádáil idirnáisiúnta.

Tá an fás foriomlán creidmheasa maolaithe i gcónaí, agus tá an fás bliantúil ar chreidmheas bainc chuig earnáil na dteaghlach agus earnáil na CNAanna araon diúltach go fóill. Tá fás dearfach le feiceáil i roinnt aicmí de chreidmheas teaghlaigh, lena n-áirítear creidmheas neamh-mhorgáiste agus iasachtú morgáiste de réir rátaí seasta. Cé go bhfuil fiachas teaghlaigh ag dul i laghad, tá fiacha arda go fóill ar theaghlaigh éagsúla, rud a fhágann go bhfuil siad leochaileach d’arduithe ar rátaí úis. Tá cóimheasa arda idir fiachas agus ioncam ag daoine san aicme aoise 30-44 i gcomparáid le haoischohóirt eile agus ar bhonn comparáide idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, léiríonn anailís an Bhainc Ceannais go bhfuil na cásanna de riaráistí morgáiste ag laghdú. Léirítear san anailís sin go bhfuil laghdú 44 faoin gcéad tagtha ar an líon foriomlán cásanna de riaráistí morgáiste thar thréimhse trí bliana (ó R2 2013 go dtí R3 2016), sa mhéid go raibh os cionn 100,000 cuntas morgáiste i riaráiste ag deireadh 2016.

Luaitear sa tuarascáil freisin go bhfuil an fás ar phraghsanna tithe ag ardú go seasta ó dheireadh 2016 i leith, fad a léiríonn sonraí ó shuirbhéanna go bhfuiltear ag súil le harduithe breise ar phraghsanna thar an meántéarma. Tá fás ard cíosa le feiceáil freisin. Tá ganntanas tithíochta in áiteanna áirithe ag cur leis na forbairtí praghais agus cíosa seo.