Nuacht

Teaghlaigh tuaithe, teaghlaigh ísealioncaim agus teaghlaigh aosta buailte níos mó ag an méadú ar an gcostas maireachtála de bharr boilsciú ard

23 Feabhra 2022 Preas Ráiteas

Central Bank of Ireland

  • Tá rátaí arda reatha an bhoilscithe á spreagadh ag na harduithe ar phraghas fuinnimh agus ag an méadú ar éileamh earraí agus seirbhísí chun dul i ngleic leis na fadhbanna soláthair a bhaineann leis an bpaindéim.
  • Tá costas maireachtála níos airde ar theaghlaigh tuaithe, teaghlaigh ísealioncaim agus teaghlaigh níos aosta mar go bhfuil sciar níos mó dá gcaiteachas á caitheamh ar chostais fuinnimh go príomha.
  • Is féidir le tacaíochtaí spriocdhírithe chun cúiteamh ar bhillí fuinnimh níos airde cabhrú leis na grúpaí is mó a bhfuil arduithe praghsanna imithe i bhfeidhm orthu.

Tá Litir Eacnamaíoch foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu (23 Feabhra 2022) “Tréithe Teaghlaigh, boilsciú Éireannach, agus an costas maireachtála” scríofa ag Reamonn Lydon. Léirítear sa Litir sonraí maidir leis an mbealach gur féidir le leibhéil bhoilscithe a bheith difriúil do theaghlaigh ar leith, agus tugtar achoimre inti ar roinnt torthaí a bheadh ábhartha do lucht déanta beartas.

Léiríonn na réamh-mheastacháin reatha maidir le boilsciú ón mBanc Ceannais gur boilsciú 4.5% ar an meán a bheidh ann in 2022 agus é tuartha go dtitfidh na leibhéil sin go dtí 2.4% in 2023. Léiríonn sé seo an meán do gach teaghlach. Beidh taithí éagsúil ag cineálacha difriúla teaghlach ar bhoilsciú, áfach. Mar shampla, beidh tionchar ar leith ag an ardú ar chostas fuinnimh le gairid ar theaghlaigh a bhíonn ag tiomáint níos mó nó a chaitheann sciar níos airde dá n-ioncam ar théamh tí, rud a léiríodh a bheith ina ghné thábhachtach de leibhéil arda reatha an bhoilscithe chomhiomláin i dtaighde a rinne an Banc Ceannais roimhe seo. Mar sin, scrúdaítear sa Litir an difríocht a bhíonn idir leibhéil bhoilscithe do theaghlaigh dhifriúla bunaithe ar fhachtóirí amhail ceantar, ioncam agus aois.

Léirítear sa Litir, go gcaitheann teaghlaigh ísealioncaim céatadán níos airde dá n-ioncam ar fhuinneamh agus bia, agus níos lú ar earraí agus seirbhísí, i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde. Bhí boilsciú príomha ag 5.7% don ghnáththeaghlach i mí na Nollag 2021, ach níos airde do theaghlaigh tuaithe (6.2%), do theaghlaigh ísealioncaim (6.1%), do theaghlaigh níos aosta agus do theaghlaigh úinéir-áitithe (6% araon). Léirítear sa Litir gur ardú ar chostas fuinnimh an phríomhchúis leis na difríochtaí seo idir na cineálacha seo teaghlach. Maidir le leibhéal boilscithe 6.2% do theaghlaigh tuaithe, baineann leath de seo le costais fuinnimh (go háirithe costais fuinnimh tí agus modhanna iompair phearsanta). Cuirtear é sin i gcomparáid le ráta boilscithe 5.4% ina iomláine do theaghlaigh uirbeacha, a mbaineann 2.1% de le costais fuinnimh.

Bíonn boilsciú bia agus earraí mórán ar aon dul do gach cineál teaghlach. Maidir leis an tionchar níos lú a bhíonn ag ardú ar chostas fuinnimh ar roinnt teaghlaigh, fritháirítear é go páirteach ag ardaithe ar phraghsanna seirbhísí do na teaghlaigh chéanna. Bhí an ráta boilscithe measta is ísle ag teaghlaigh nach raibh ag tiomáint, nó nár thiomáin mórán, i mí na Nollag 2021, ag 4.7%.

Chomh maith leis sin, breathnaítear sa Litir ar shonraí stairiúla chun tuiscint níos fearr a fháil ar sheasmhacht éagsúlachtaí i mboilsciú. Tugann sonraí do na blianta 1998 go 2021 le tuiscint go raibh tréimhsí ina raibh an boilsciú níos airde do theaghlaigh ísealioncaim, ach níor mhair seo i bhfad. Bhí tréimhsí ann freisin ina raibh an boilsciú beagán níos ísle do theaghlaigh ísealioncaim; tharla sé seo go príomha le linn tréimhsí nuair a bhí praghsanna fuinnimh ag laghdú. Sa bhreis air sin, fuarthas amach sa Litir go gcaitheann teaghlaigh ar ioncam níos airde sciar níos mó dá n-ioncam ar earraí agus ar sheirbhísí tionsclaíocha neamhfhuinnimh. I rith tréimhsí nuair a bhí praghsanna sna réimsí seo ní b’airde, laghdaigh an difreálach boilscithe idir teaghlaigh ísealioncaim agus teaghlaigh ardioncaim.

Ag deireadh na Litreach, leagtar amach roinnt smaointe do lucht déanta beartas. Luann sé, de bharr an tionchair atá ag beartais airgeadaíochta ar éileamh comhiomlán, nach é an uirlis is oiriúnaí é le dul i ngleic le nithe a spreagann boilsciú do sholáthraithe - cosúil le méadú ar phraghas fuinnimh.

Moltar sa Litir gur féidir le rialtais féachaint le dul i ngleic le harduithe ar an gcostas maireachtála trí thacaíochtaí a nascadh le haistrithe sóisialta atá ann cheana féin. Cé go bhfuiltear ag súil go dtiocfaidh maolú ar ardaithe ar phraghsanna fuinnimh in 2022, is mó seans go bhfanfaidh praghsanna ard sa mheántéarma. Mar sin, ba chóir go mbeadh beartais a chabhraíonn le héifeachtúlacht fuinnimh do theaghlaigh, i dteannta infheistíocht bhreise i mbreoslaí neamhiontaise, ina dtosaíocht sa mheántéarma.

Nótaí don Eagarthóir

Tugann Praghasinnéacs Tomhaltóirí de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh eolas ar bhoilsciú comhiomlán. Tá na hualaigh caiteachais a úsáidtear chun é seo a ríomh ceaptha freagairt do ghnáth-theaghlach Éireannach, agus tógtar na hualaigh tagarmhairc ón Suirbhé ar Bhuiséad Teaghlaigh a dhéantar gach cúig bliana.

Léiríonn Litir Eacnamaíoch an lae inniu modheolaíocht chun rátaí boilscithe a mheas trí shaintréithe teaghlaigh. Úsáideann sé mionsonraí as an Suirbhé ar Bhuiséad Teaghlaigh chun ualaigh caiteachais a ríomh do chineál ar leith teaghlaigh, agus bunaithe air sin, tugtar meastachán ar an ráta boilscithe do na teaghlaigh sin. Is táscaire iad na meastacháin seo ar réimse leathan éagsúlachtaí i gcineálacha difriúla teaghlach, ach ní chuimsíonn siad an costas maireachtála atá ag gach duine.