Nuacht

Teastaíonn ón mBanc Ceannais go gcuirfidh bainc mhiondíola feabhas ar a línte cabhrach do chustaiméirí.

18 Feabhra 2022 Preas Ráiteas
 Central Bank of Ireland
  • In athbhreithniú de chuid an Bhainc Ceannais, aithníodh roinnt réimsí nach mór a fheabhsú sula mbeidh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí.
  • Tá bainc mhiondíola ag gníomhú chun a chinntiú go bhfuil an cumas agus na struchtúir do sheirbhís custaiméirí i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an éileamh a bhfuiltear ag súil leis.
  • Tuairisciú le déanamh ag na bainc don Bhanc Ceannais ar an dul chun cinn maidir leis na gníomhartha seo i rith na bliana.

In athbhreithniú a rinne Banc Ceannais na hÉireann faoin achar a mbíonn custaiméirí ag feitheamh ar línte cabhrach do chustaiméirí leis na príomhbhainc miondíola, tá sé tugtha chun solais go bhfuil roinnt réimsí le feabhsú. Rinneadh measúnú faoin athbhreithniú ar an achar a mbíonn custaiméirí ag feitheamh ar ghlaonna, rátaí tréigin glaonna agus leibhéil acmhainní sna bainc mhiondíola. Chuir an Banc Ceannais é seo i gcrích toisc go meastar go méadóidh leibhéil gníomhaíochta custaiméirí tar éis chinneadh KBC Bank Ireland agus Bhanc Uladh tarraingt amach as an margadh. Ceaptar go méadóidh an t-éileamh ar sheirbhísí do chustaiméirí sna míonna amach romhainn mar go mbeidh ar líon suntasach custaiméirí seirbhísí baincéireachta a athrú.

Fuarthas an méid seo a leanas amach san athbhreithniú:

  • Bhí an t-achar ama a chaitear fanacht ar roinnt línte cabhrach do chustaiméirí ró-fhada agus gur sháraigh siad Comhaontuithe Leibhéal Seirbhíse inmheánacha na mbanc atá i gceist.
  • Bhí ardú/éileamh gan choinne ar ghlaonna chuig na línte cabhrach do chustaiméirí ag roinnt de na bainc agus chuir sin leis an am a bhí daoine ag feitheamh.
  • Bhí an t-achar a bhí daoine ag feitheamh ar an líne i gcuid de na bainc mhiondíola i bhfad ró-fhada, le custaiméirí ag fanacht os cionn dhá uair an chloig i roinnt cásanna.
  • Bhí éagsúlacht mhór sna leibhéil acmhainní ar fud na mbanc miondíola agus bhí sé soiléir i roinnt cásanna nach raibh acmhainní leordhóthanacha ann do na línte cabhrach do chustaiméirí.
  • Bhí an líon custaiméirí a thréig glaonna ard - bhí ráta tréigin os cionn 50% ag líne theileafóin amháin.

Táimid ag obair go díreach leis na bainc mhiondíola chun pleananna gnímh láidre a chur i bhfeidhm lena chinntiú go bhfuil an leibhéal seirbhíse do chustaiméirí leordhóthanach chun an gnáthlíon glaonna a bhainistiú agus chun déileáil le hamanna ina mbíonn éileamh mór ann. Tá sonraí de na bearta atá á gcur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a léiríodh san athbhreithniú curtha ar fáil ag na bainc, lena n-áirítear méadú ar acmhainní agus leibhéil foirne. Beidh an Banc Ceannais ag iarraidh ar ghnólachtaí tuairisc a chur ar fáil ar chur i bhfeidhm na mbeart seo i rith na bliana.

Tagann an t-athbhreithniú sna sála ar litir a sheol an Banc Ceannais chuig na bainc mhiondíola i Meitheamh 2021 inar leagadh amach a bhfuilimid ag súil leis i dtaobh cosaint tomhaltóirí le linn na tréimhse seo ina bhfuil athrú gan fasach ag teacht ar an earnáil baincéireachta miondíola in Éirinn. Leagadh sraith d’ionchais mhaoirseachta amach sa litir, lena n-áirítear go nglacfadh na bainc mhiondíola bearta réamhghníomhacha chun oibríochtaí agus acmhainní seirbhíse do chustaiméirí a bhainistiú d’fhonn na leibhéil reatha teagmhála agus an fás a bhfuiltear ag súil leis ar éileamh ar sheirbhísí araon a shásamh.

Deir Colm Kincaid, Stiúrthóir um Chosaint do Thomhaltóirí: “Bunaithe ar ár n-athbhreithniú féin, agus an imní shoiléir atá léirithe ar na meáin shóisialta agus meáin chumarsáide eile, tá sé soiléir go dteastaíonn ó na bainc feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht sa réimse seo, agus tá idirghabháil déanta againn chun go gcuirtear an feabhas seo i bhfeidhm.

Tá tábhacht ar leith leis seo de bhrí go bhfuil sé beartaithe ag dhá bhanc margadh na hÉireann a fhágáil. Leis an dá bhanc seo ag fágáil, ceaptar go dtiocfaidh méadú ar an éileamh atá ar sheirbhísí do chustaiméirí ar fud na hearnála baincéireachta agus custaiméirí ag iarraidh cuntais a bhogadh, teacht ar sheirbhísí nua agus eolas a fháil. Tá sé de dhualgas ar na bainc a chinntiú go bhfuil dóthain acmhainní acu chun cabhrú le custaiméirí déileáil leis an athrú suntasach ar an margadh baincéireachta, lena n-áirítear déileáil le héileamh ó chustaiméirí reatha agus nua araon.”