Nuacht

Tuarascáil Bhliantúil agus Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta 2016 foilsithe

03 Bealtaine 2017 Irish Category

Central Bank of Ireland

  • Brabús €2.3bn tuairiscithe ag an mBanc Ceannais do 2016; aistríodh €1.8bn den mhéid sin chuig an Státchiste.
  • Freagraíonn na brabúis d’iarmhairt na géarchéime airgeadais agus rachaidh na tosca sin i léig le himeacht ama.
  • Leanann an Banc Ceannais de mheasúnú agus d’anailís a dhéanamh ar impleachtaí Brexit don gheilleagar.

Tá a Thuarascáil Bhliantúil 2016, ina gcuimsítear an Ráiteas Cuntas, foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann inniu, mar aon leis an Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta don Rialáil Airgeadais. I gcomhréir leis an sainordú chun cobhsaíocht a choimirciú agus tomhaltóirí a chosaint, tugtar forbhreathnú sa Tuarascáil Bhliantúil ar na príomhghníomhaíochtaí agus na príomhfhorbairtí sa bhliain 2016, fad a dhíríonn an Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta ar ghníomhaíochtaí rialála.

Tá brabús airgeadais €2.3 billiún tuairiscithe ag an mBanc Ceannais in 2016, is é sin méadú breise ar fhigiúirí brabúis roimhe seo. Tar éis tuilleamh coimeádta, aistríodh ioncam barrachais um €1.8bn chuig an Státchiste. Freagraíonn brabúis an Bhainc Ceannais d’iarmhairtí na géarchéime airgeadais in Éirinn agus sa limistéar euro araon. Rachaidh na tosca sin i léig thar an meántéarma, agus dá réir sin, fillfidh sreafaí brabúis an Bhainc ar leibhéil níos réasúnta.

Sa Ráiteas Bliantúil Feidhmíochta, tugtar forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí rialála airgeadais an Bhainc Ceannais in 2016. Leagtar amach ann, na príomhthorthaí a baineadh amach leis an obair a rinneadh chun cobhsaíocht agus muinín a athbhunú san earnáil airgeadais, chun creat rialála a thógáil agus a fhorbairt, agus chun a chinntiú go gcosnófaí riachtanais agus leasa tomhaltóirí. Tá cur síos ann freisin ar an bpríomhstaidreamh a bhaineann le gníomhaíochtaí rialála, lena n-áirítear caidreamh agus rannpháirtíocht le gnólachtaí, gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus iarratais ar údarú.

Agus an tuarascáil á seoladh aige, leag an Gobharnóir Philip R. Lane béim ar na príomhghníomhartha a ghlac an Banc le linn na bliana.

I gcomhréir le ról an Bhainc Ceannais mar an údarás náisiúnta macrastuamachta, dheimhnigh sé go dtabharfadh an Banc Ceannais faoi mheasúnú bliantúil ar na bearta morgáiste. Déanfar athbhreithniú ar na bearta sin i mí na Samhna 2017. Chomh maith leis sin, luaigh sé an obair leanúnach ar an Imscrúdú ar Rátaí Rianúcháin atá ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Bhainc.  Is é seo an t-athbhreithniú maoirseachta is mó agus is casta atá seolta ag an mBanc mar chuid dá shainordú um chosaint tomhaltóirí.

Agus é ag trácht ar na rioscaí don gheilleagar, deir an Gobharnóir go bhfuil na rioscaí seachtracha don gheilleagar suntasach i gcónaí in ainneoin go bhfuil feabhas ag teacht ar an timpeallacht eacnamaíoch intíre. Orthu sin, áirítear rioscaí a bhaineann le héifeachtaí Brexit agus le haon mhéadú ar chaomhnaitheacht dhomhanda agus/nó le leibhéil ardaithe drogaill roimh rioscaí sna margaí airgeadais idirnáisiúnta.

Ar ábhar Brexit, luaigh sé go leanann an Banc Ceannais de mheasúnú agus d’anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ag Brexit don gheilleagar, lena n-áirítear an fhéidearthacht go gcaithfí raon níos ilchineálaí eintiteas agus samhlacha gnó a údarú agus a mhaoirisiú.