Nuacht

Tuarascáil nuashonraithe foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann maidir le Scrúdú leanúnach a dhéanamh ar Cheisteanna a bhaineann le Morgáiste Rianúcháin

23 Márta 2017 Irish Category
An 23 Márta 2017
• Leagtar amach sa tuarascáil an dul chun cinn atá á dhéanamh ag iasachtóirí maidir leis an athbhreithniú a thabhairt chun críche.  Sonraí ar Chreat Scrúdaithe, Prionsabail Sásaimh agus an Próiseas Achomharc foilsithe.  
• Ag deireadh Feabhra, d'aithin na hiasachtóirí 9,900 cuntas custaiméara a bhí buailte.  As an méid sin, tá tuairim agus €78m íoctha ar bhonn sásaimh agus cúitimh le tuairim agus 2,600 cuntas go dtí seo.  
• Táthar ag súil go n-aithneoidh iasachtóirí gach cuntas atá buailte faoi dheireadh Mheán Fómhair 2017.  
• Gníomhaíocht mhaoirseachta leagtha amach - tá deireadh le himscrúdú amháin agus dhá cheann eile fós ar siúl.  
 Read the full report
 Framework for Conducting the Tracker Mortgage Examination 
 Principles for Lenders when Tracker Mortgage Related Issues Identified for Redress (Principles for Redress)
 Guidelines for the Establishment and Operation of an Appeals Process to deal with Appeals Arising from the Tracker Mortgage Examination
 Tracker Mortgage Examination - Clarification of Issues Raised by Lenders

Tá tuarascáil  foilsithe ag Banc Ceannais na hÉireann, áit a dtugtar nuashonrú ar an Scrúdú ar Cheisteanna a bhaineann le Morgáiste Rianúcháin. Tá an tuarascáil ar cheann de shraith nuashonruithe atá déanta ó cuireadh tús leis an Scrúdú agus leagtar amach inti an dul chun cinn atá á dhéanamh ag iasachtóirí maidir leis an athbhreithniú a thabhairt i gcrích.  Amhail ag deireadh Feabhra 2017, aithníodh tuairim agus 9,900 cuntas custaiméara a bhí buailte in athbhreithnithe na n-iasachtaí.  Leagtar amach sa tuarascáil freisin eolas ar chumhachtaí maoirseachta agus gníomhaíocht an Bhainc Ceannais i dtaobh ceisteanna morgáiste rianúcháin go dtí seo.   Foilsíodh chomh maith céanna, an Creat Scrúdaithe, na Prionsabail Sásaimh agus an Próiseas Achomhairc atá leagtha amach ag an mBanc Ceannais, i gcomhar leis an tuarascáil.
Is é príomhchuspóir an Scrúdaithe a chinntiú go gcosnaítear leasa na gcustaiméirí a buaileadh agus go dtugann iasachtóirí tús áite do chustaiméirí a buaileadh a aithint.  Faoi na Prionsabail Sásaimh, ní mór d'iasachtóirí stop a chur, chomh luath agus is féidir, le tuilleadh dochair a bheith á dhéanamh do chustaiméirí atá buailte agus clár sásaimh agus cúitimh a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic go hiomlán leis an tionchar atá a gcuid gníomhartha tar éis a bheith acu ar chustaiméirí a buaileadh.  Chomh maith leis sin, leagtar amach sna Prionsabail Sásaimh go bhfuil an Banc Ceannais ag súil go gcuirfidh iasachtóirí, i measc rudaí eile, íocaíochtaí breise ar fáil chun deis a thabhairt do chustaiméirí a buaileadh comhairle ghairmiúil neamhspleách a fháil.     Tá tús curtha ag roinnt iasachtóirí le híocaíochtaí sásaimh agus cúitimh cheana.  Ag deireadh mhí Feabhra, íocadh tuairim agus €78m ar bhonn sásaimh agus cúitimh le tuairim agus 2,600 duine ar aithníodh a gcuntais mar chuid den Scrúdú. 
Is tosaíocht é an Scrúdú Rianúcháin don Bhanc Ceannais agus tá amlínte ar leith leagtha síos aige d'iasachtóirí chun Céim 2 den Scrúdú a chríochnú. Is é atá i gceist le Céim 2 custaiméirí a buaileadh a aithint. Cuirfear an chuid sin den Scrúdú chun críche tráth nach déanaí ná deireadh mhí Mheán Fómhair 2017.
Rachaidh an Banc Ceannais i mbun gníomhaíochtaí maoirseachta iomchuí, lena n-áirítear gníomh maoirseachta más gá, d'fhonn a chinntiú go gcaithfidh iasachtóirí go cóir le custaiméirí buailte.  Beidh tionchar ag toradh na n-athbhreithnithe, atá á ndéanamh faoi láthair mar chuid den Scrúdú, ar ghníomhaíocht mhaoirseachta. 
Faoi mar atá déanta acu leis an bpróiseas go dtí seo, leanfaidh an Banc Ceannais air ag soláthar nuashonruithe i gcaitheamh an Scrúdaithe.  Foilseoidh an Banc Ceannais nuashonrú eile i bhfómhar na bliana 2017 agus foilseofar tuarascáil deiridh freisin nuair a bheidh deireadh leis an Scrúdú.  
Nótaí 
Is féidir nuashonruithe a rinneadh ar an Scrúdú roimhe seo a fháil anseo, anseo agus anseo.
Is féidir eolas a fháil ar chur chuige maoirseachta an Bhainc Ceannais a fháil anseo.